Na Sailm 104
104
Salm 104.
Benedic, anima mea.
1Mol an Tiarna, a mhʼanam: a Thiarna, a Dhia liom, tá do ghlóir as cuimse; bíonn an t‑oirearcas agus an onóir do dʼfholach.
2Maisíonn tú thú féin leis an solas mar éadach: agus scaoileann tú amach na spéartha mar mhuabhrat.
3Leagann sé saileacha a sheomra ar na tonnta: agus déanann sé carbad de na néalta, agus siúlann sé ar sciatháin na gaoithe.
4Déanann sé gaotha dá aingil: agus tine lasrach dá thimirí.
5Dhaingnigh sé buna an domhain: ionas nach mbainfí bogadh as go brách.
6Dʼfholaigh tú é leis an aibhéis mhór mar le héadach: sheas na huiscí os cionn na gcnoc.
7Teitheann siad roimh do bhagairt: éalaíonn siad rompu le glór do thoirní.
8Bíonn na cnoic á n‑ardú, agus na gleannta á n‑ísliú: go dtí an t‑ionad a dʼainmnigh tú dóibh.
9Tá teorainneacha curtha agat leo nach sáróidh siad: agus ní dhéanfaidh siad an talamh a fholach athuair.
10Scaoileann sé srutháin as na toibreacha isteach sna haibhneacha: a ritheas idir na cnoic.
11Is astu a ólas beithígh uile an mhachaire: agus a choscas na hasail fiáine a dtart.
12Is ar a mbruach a áitíos éanlaith an aeir: agus iad ag ceiliúr i lár na gcraobh.
13Leagann sé uisce anuas ar na cnoic: líontar an talamh de thoradh do shaothair.
14Tugann sé an féar amach le haghaidh an eallaigh: agus an luibh ghlas a bhíos á saothrú ag an Ádhamhchlann.
15Go mbaine sé as an talamh an bia, agus an fíon a chuireas áthas croí ar an duine: agus an ola a chuireas aoibh ar a ghnúis, agus an t‑arán a neartaíos le croí an duine.
16Bíonn crainn an Tiarna lán de shú: na céadrais a chuir sé ar Shliabh Liabháin.
17Is iontu a bhíos na héin ag déanamh a nead: agus bíonn na crainn giúise mar áras ag an gcoirr ghréine.
18Bíonn na hardchnoic mar dhídean ag na gabhair fiáine: agus bíonn na creagacha cloiche faoi na coiníní.
19Shocraigh sé go dtaispeánfadh an ghealach uair agus aimsir: agus is feasach don ghrian tráth a dul faoi.
20Dorchaíonn tú go mbí an oíche ann: agus am gluaiseachta do bheithígh uile na coille.
21Na leoin ag búirtheach ar son a gcreiche: níl siad ach ag iarraidh a gcoda ar Dhia.
22Le héirí na gréine, siúd ar shiúl iad in éineacht: ag dul a luí ina n‑uamhanna.
23Téann an Ádhamhchlann amach i gcionn oibre agus saothair: go dtí an tráthnóna.
24A Thiarna, is líonmhar dʼoibreacha i gcineál agus i méid: is eagnaí a rinne tú iad uile, bíonn an talamh lán de do mhaoin.
25Is ionann scéal don mhuir mhór leathan: nach bhfuil áireamh ar a snámhann inti, idir bheag agus mhór.
26Is uirthi a shiúlas na longa, agus is inti a bhíos an Lebhiatán úd: dá dtug tú í mar áit shúgartha.
27Bíonn súil acusan go léir leat: go dtuga tú a gcuid bia dóibh i dtráth.
28Nuair a thugann tú uait é, bíonn siad á chruinniú chucu: nuair a osclaíonn tú do lámh, bíonn siad á líonadh dá sochar.
29Nuair a cheileann tú do ghnúis, tagann buaireamh orthu: nuair a bheir tú a n‑anáil uathu, éagann siad, agus tiontófar iad arís ina gcré.
30Nuair a ligeann tú dʼanáil uait, beidh siad á gcruthú: agus cuirfidh tú athrú crutha ar aghaidh an talaimh.
31Mairfidh mórghlóir an Tiarna go brách: beidh a oibreacha ag déanamh lúcháire don Tiarna.
32Bainfidh amharc a shúl crith as an talamh: mura ndéanann sé ach a mhéar a chuimilt leis na cnoic, tiocfaidh toit astu.
33Canfaidh mé don Tiarna chomh fada aʼs mhairim: molfaidh mé mo Dhia le mo bheo.
34Is amhlaidh a shásóidh mo bhriathra é: ba é an Tiarna mo chúis áthais.
35Is é atá i ndán do na peacaigh, a scriosadh de dhroim an talaimh: tiocfaidh lucht an oilc chun críche.
36Mol an Tiarna a mhʼanam: déan tusa an Tiarna a mholadh.
Currently Selected:
Na Sailm 104: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965