Na Sailm 103
103
Salm 103.
Benedic, anima mea.
1Mol an Tiarna, a mhʼanam: agus moladh a bhfuil ionam a Ainm naofa.
2Mol an Tiarna, a mhʼanam: agus ná déan dearmad dá thíolaicí uile;
3An té a mhaitheas do pheaca uile: agus a leigheasas do bhreoiteachta uile;
4An té a shlánaíos do bheatha ó scrios: agus a chuireas barr trócaire agus carthanachta ort;
5An té a shásaíos do bhéal le hollmhaitheas: do do dhéanamh bríomhar óg mar an iolar.
6Cuireann an Tiarna an fhíréantacht agus an breithiúnas i bhfeidhm: don uile dhuine dá mbíonn á bhrú ag an éigeart.
7Thaispeáin sé a shlite do Mhaois: a oibreacha do chlann Iosrael.
8Is lán an Tiarna de thrua agus de thrócaire: is fadfhulangach é, agus is mór a mhaitheas.
9Ní bheidh sé ag ceasacht i gcónaí: ná ní chothaíonn sé a fhearg de shíor.
10Ní dhearna sé linn mar thuill ár bpeacaí: ná ní thug sé luaíocht ár míghníomhartha dúinn.
11Óir féach a airde agus atá an neamh os cionn an talaimh: ní mó é ná a thrócaire don dream darb eagal é.
12Féach fós a fhad agus atá an aird thoir ón aird thiar: a chomhfhad sin a chuir sé idir sinn agus ár bpeacaí.
13Go deimhin, mar bhíonn trua ag an athair dá chlann féin: is amhlaidh bíonn trócaire ag an Tiarna don dream darb eagal é.
14Óir is feasach dó an t‑ábhar as a ndearnadh sinn: is cuimhneach leis nach bhfuil ionainn ach deannach.
15Ní bhíonn laethanta an duine ach mar an bhféar: bíonn a bhláth mar bhláth an mhachaire.
16Óir chomh luath agus a shéideas an ghaoth air, imíonn sé: agus ní aithneoidh a áit é feasta.
17Ach maireann maitheas trócaireach an Tiarna go saol na saol don dream darb eagal é: agus a fhíréantacht le haghaidh clann na clainne.
18Le haghaidh lucht coimeádta a chonartha: lucht cuimhnimh agus cleachtaithe a aitheanta.
19Tá a chathaoir faoi réir ag an Tiarna ar neamh: agus níl ní nach bhfuil faoi réir a ríochta.
20Molaigí an Tiarna, a aingeala an Tiarna is tréine cumhacht: a chomhlíonas a aitheanta, agus a thugann cluas do ghlór a bhriathar.
21Molaigí an Tiarna, a shluaite an Tiarna: a sheirbhísigh an Tiarna a dhéanas a thoil.
22Molaigí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarna, i ngach áit dá bhfuil faoina réim: Mol an Tiarna, a mhʼanam.
Currently Selected:
Na Sailm 103: OC1965
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965