Salm 98
98
Tiarna Buach agus Breitheamh Cóir
1 Salm.
Canaigí amhrán úr don Tiarna,
óir rinne sé éachtaí.
Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa,
rug sé bua dó féin.
2Dʼfhoilsigh an Tiarna a shlánú;
nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin.
3Chuimhnigh sé ar a bhuan-ghrá agus a dhílse
do theaghlach Iosrael.
Chonaic críocha uile na cruinne
slánú ár nDé.
4Gairdigí sa Tiarna a thíortha uile,
agus nochtaigí bhur n‑áthas dó.
5Canaigí Salm don Tiarna leis an gcruit
agus le fuaim na cláirsí.
6Tógaigí gártha le fuaim stoic agus adhairce
don Tiarna, ár Rí.
7Bíodh an mhuir agus a bhfuil inti ag búiríl,
an domhan agus a maireann ann.
8Bíodh na haibhneacha ag bualadh a mbos;
déanadh na sléibhte sult,
9i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht
a rialú na cruinne.
Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir,
agus na ciníocha go cothrom.
Currently Selected:
Salm 98: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.