Salm 97
97
Rí an Domhain: Breitheamh Cóir
1Is é an Tiarna is rí, gairdíodh an talamh;
bíodh lúcháir ar na hinsí go léir.
2Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall;
ceart agus cóir is bonn lena rí-chathaoir.
3Gabhann tine roimhe amach ar a shlí dó,
agus í ag loscadh a naimhde de gach leith.
4Soilsíonn a splancacha an chruinne;
creathnaíonn an talamh ar a fheiceáil.
5Tagann leá ar na sléibhte ar nós céarach
i bhfianaise Thiarna na cruinne.
6Fógraíonn na flaithis a fhíréantacht;
feiceann na náisiúin go léir a ghlóir.
7Go raibh náire ar lucht adhartha na n‑íomhánna,
a bhíonn ag maíomh as a n‑íola gan tairbhe;
umhlaíodh na déithe go léir ina fhianaise.
8Cloiseann Síón agus líonann sí dʼáthas,
agus tá lúcháir ar chathracha Iúdá
as ucht do bhreithiúnas, a Thiarna.
9Óir is tú an Tiarna go dearfa
in ardréim os cionn na cruinne,
agus os cionn na ndéithe go léir.
10Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t‑olc;
déanann sé anamacha a naomh a chosaint,
dá bhfuascailt ó láimh na n‑éagráifeach.
11Tá solas dá nochtadh don fhíréan,
agus lúcháir do lucht an chroí dhírigh.
12Déanaigí gairdeas sa Tiarna, a fhíréana;
agus tugaigí buíochas dá ainm naofa.
Currently Selected:
Salm 97: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.