Salm 95
95
Gairdimis do Dhia
1Téanam agus canaimis don Tiarna;
déanaimis gairdeas do charraig ár slánaithe.
2Druidimis ina láthair le haltú buíochais;
déanaimis pléaráca do le hamhráin mholta.
3Óir is Dia mór é go dearfa an Tiarna;
is rí mór é os cionn na ndéithe go léir.
4Is ina lámha atá duibheagáin na cruinne,
agus is leis mar an gcéanna na hardsléibhte.
5Is leis an fharraige, óir is é a chruthaigh í;
agus is iad a lámha a dhealbhaigh an talamh tirim.
6Téanam, go n‑adharfaimis agus go sléachtfaimis;
feacam ár nglúine i láthair an Tiarna a chruthaigh sinn.
7Óir is é ár nDia é, agus is sinne
pobal a pháirce agus caoirigh a láimhe.
8Á, dá n‑eistfeadh sibh inniu lena ghlór:
“Ná cruaigí bhur gcroí mar a tharla i Miríbeá,
nó an lá úd ag Masá sa bhfásach
9mar a ndearna bhur n‑aithreacha mo phromhadh,
do mo thriail cé go bhfacadar mo bhearta.
10Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sin
agus dúirt mé: ‘Is seachránach a gcroí siúd;
is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.’
11Ar an ábhar sin mhionnaigh mé i mʼfhearg
nach rachaidís i mo shuaimhneas isteach go brách.”
Currently Selected:
Salm 95: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.