YouVersion Logo
Search Icon

Salm 94

94
Dia an Díolaí
1A Thiarna Dia, is leat-sa an díoltas;
a Dhia, a dhíoltasaí, bí do do thaispeáint féin dúinn.
2Éirigh! tabhair breithiúnas ar an talamh;
tabhair a ndíol do lucht an díomais.
3Cá fhad a mhaífidh na héagráifigh, a Thiarna;
cá fhad a mhaífidh siad a mbua?
4Ag gaotaireacht dóibh is ag labhairt go díomasach,
bíonn na hainbheartaigh ag maíomh go mórtasach.
5Gabhann siad de chosa i do phobal, a Thiarna,
agus déanann siad dʼoidhreacht a chiapadh.
6Maraíonn siad an bhaintreach is an strainséir,
agus tugann siad ár an dílleachta.
7Agus deir siad: “Ní fheiceann an Tiarna é;
ní thugann Dia Iacób dá aire é.”
8Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille;
a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh!
9An té a chruthaigh an chluas, an ea nach gcluinfidh sé?
agus an té a chum an tsúil, an ea nach bhfeicfidh sé?
10An té a smachtaíonn na náisiúin nach n‑agróidh sé?
an té a theagascann na daoine, nach mbeidh eolas aige?
11Is eol don Tiarna smaointe an duine;
is eol dó nach bhfuil iontu ach puth anála.
12Is méanar don té a gcuireann tú smacht air, a Thiarna;
an té dá dtugann tú teagasc faoi do dhlí.
13Tugann tú faoiseamh dó in aimsir a thrioblóide,
nó go dtochlaítear clais don urchóideach.
14Óir ní thréigfidh an Tiarna a phobal;
ní thabharfaidh sé droim láimhe lena oidhreacht,
15nó go mbéarfar breithiúnas de réir an chirt;
agus go leanfaidh lucht an chroí dhírigh go léir é.
16Cé sheasfaidh liom in aghaidh na n‑ainbheartach
do mo chosaint ar lucht déanta an oilc?
17Murach an Tiarna a theacht i gcabhair orm,
ní fada go mbeadh mʼanam ag lonnú i log an chiúnais.
18Nuair a shílim go bhfuil mo chosa ag imeacht uaim,
is é do bhuan-ghrá, a Thiarna, a choinníonn i mo sheasamh mé.
19Nuair is líonmhar iad buarthaí mo chroí,
cuireann do shóláis aoibhneas ar mʼanam.
20An mbeidh cúirt na gcoirpeach i gcomhar leat,
an dream a chuireann clóca an dlí ar an mioscais?
21Tugann siad fogha faoi anam an fhíréin,
agus daorann siad an neamh-chiontach chun báis.
22Bíodh acu! sé an Tiarna mo dhaingean
agus sé Dia carraig mo dhídine.
23Tabharfaidh sé a n‑urchóid sa mhullach orthu,
agus scriosfaidh iad lena mailís féin;
millfidh an Tiarna ár nDia iad.

Currently Selected:

Salm 94: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Salm 94