YouVersion Logo
Search Icon

Salm 75

75
Is é Dia an Breitheamh Cóir
1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Ná Scrios”. Salm Ásáf. Amhrán.
2Is leat a ghabhaimid buíochas, a Dhia;
gabhaimid buíochas leat; agraímid dʼainm
agus déanaimid dʼéachtaí a fhógairt.
3“An uair a shocróidh mé féin
tabharfaidh mé breith de réir an chirt.
4Bíodh go gcorraítear an talamh agus a bhfuil ann
is mé a dhaingnigh a cholúin.
5Deirim le lucht bladhmainn: ‘Scoirigí de bhur mbladhmann’;
agus leis na hurchóidigh: ‘Ná maígí bhur neart,
6ná déanaigí gaisce as bhur neart,
ná labhraígí go dolba dána.”
7Óir ní ón aird anoir ná aniar,
ón bhfásach ná ón sliabh a thig an bhreith;
8is é Dia féin an breitheamh;
umhlaíonn sé nó ardaíonn sé de réir mar a oireann.
9Tá cupán dʼfhíon dearg ag an Tiarna;
spíosraí ann is an cúr ag cur thar maoil.
Doirtfear amach é agus déanfar a dhiúgadh;
diúgfaidh urchóidigh uile an talaimh é.
10Maidir liom-sa: déanfaidh mé gairdeas go deo;
canfaidh mé Salm do Dhia Iacób.
Brisfidh mé cumhacht lucht an oilc
agus ardófar na fíréin i gcumhacht.

Currently Selected:

Salm 75: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Salm 75