YouVersion Logo
Search Icon

Salm 74

74
Scrios an tSanctóra
1 Mascil Ásáf.
1 Cad fáth ar chaith tú uait go brách sinn, a Dhia?
Cad fáth foréigean feirge ort in aghaidh chaoirigh do pháirce?
2Cuimhnigh ar do chomh-thionól a bhunaigh tú fadó;
ar an gcine a cheannaigh tú mar oidhreacht duit féin,
ar Shliabh Shíón mar a ndearna tú áras do chónaithe.
3Tabhair dʼaghaidh ar na fothracha a scriosadh ar fad,
ar an dochar a rinne an namhaid san ionad naofa.
4Tá do naimhde ag búiríl i lár do thionóil
agus chuir siad a meirgí mar chraobh choscair in airde.
5Is cosúil iad le coillteoirí ag beartú a mbiailí;
6tuairgníonn siad le tuanna adhmad snoite na ndoirse
agus déanann siad sceanairt díobh le casúir is le ceapoird.
7Chuir siad do shanctóir faoi bharr dearglasrach.
Thruailligh siad agus leag dʼáit chónaithe go húir.
8Dúirt siad ina gcroí istigh: “Scriosaimis ar fad iad;
cuirimis trí thine a bhfuil de scrínte Dé sa tír.”
9Ní fheicimid ár gcomharthaí, níl fáidh ann feasta
ná níl aon neach inár measc arb eol dó cá fhad.
10Cá fhad a bheidh an t‑eascara go tarcaisneach, a Dhia;
an dtabharfaidh an namhaid masla do dʼainm go brách?
11Cad fáth a n‑iompaíonn tú do lámh uainn, a Thiarna?
Cad fáth a bhfolaíonn tú do dheaslámh i do bhrollach?
12Is é Dia mo Rí leis na cianta cairbreacha;
an té a dhéanann slánú i lár an talaimh.
13Is tú a scoilt an mhuir le do chumhacht
agus a bhris ina mbloghanna cinn na n‑arrachtach san uisce.
14Is tú a rinne conamar de chinn an Leiviatan
gur thug tú ina bhia é do ainmhithe allta an fhásaigh.
15Is tú a chuir foinsí agus caisí ag brúchtaíl;
is tú a dhiúg na haibhneacha tuilte.
16Is leat an lá agus is leat an oíche;
is tú a shocraigh an ghrian is an ghealach.
17Is tú a chinn críocha uile na cruinne;
is tú a dhealbhaigh an samhradh is an geimhreadh.
18Cuimhnigh, a Thiarna, ar an namhaid fonóideach;
tugann pobal gan chiall tarcaisne do dʼainm.
19Ná tabhair anam do choilm don bhadhbh, a Thiarna;
ná déan dearmad go deo ar anam na mbocht.
20Tabhair aire do do chonradh óir is lomlán dʼéigean
uaimheanna agus diamhra uile na tíre.
21Ná lig don té faoi leatrom filleadh faoi náire;
go raibh an dealbh agus an daibhir ag tabhairt moladh do dʼainm.
22Éirigh, a Dhia, agus tagair do chúis;
cuimhnigh mar a mhaslaíonn an t‑éagráifeach gach lá thú.
23Ná tabhair i ndíchuimhne callán do naimhde
agus glamaíl dʼeascairde ag méadú de shíor.

Currently Selected:

Salm 74: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Salm 74