Salm 65
65
Altú Buíochais do Dhia
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán.
2Is duit is dleacht ár moladh
i Síón, a Dhia.
Is duit a chomh-líonfar ár móid,
3ós tú a éisteann lenár nguí.
Ortsa atá triall gach aon neach
4lena eire urchóide.
Luíonn ár lochtanna go trom orainn
ach tugann tusa maithiúnas dúinn.
5 Is méanar don té a roghnaíonn tú,
dá ghlaoch chun do chúirteanna.
Sásófar le flúirse do thí sinn,
le hionad naofa do theampaill.
6Déanann tú éachtaí i dʼfhíréantacht dúinn,
a Dhia ár slánaithe.
Dóchas críocha uile na cruinne thú
agus na bhfarraigí imigéiniúla.
7Daingníonn tú na sléibhte le do neart
ar do chrioslú le cumhacht.
8Maolaíonn tú fothram na farraige
agus torann na dtonnta
agus gleo na gciníocha.
9Lucht cónaithe chríocha na cruinne,
is eagal leo dʼéachtaí.
Cuireann tú áthas ar imill imchiana
an Oirthir is an Iarthair.
10Thug tú cuairt ar an talamh, dá huisciú,
gur mhéadaigh tú a maoin.
Sceitheann abhainn Dé thar bruacha
dʼfhonn arbhar a sholáthar di.
11Is mar sin a ullmhaíonn tú an talamh,
ag tabhairt uisce dá claiseanna.
Déanann tú a bogadh le ceathanna;
beannaíonn tú a geamhair.
12Chuir tú barr ar an mbliain le dʼfhéile
agus tá do chéimeanna ar sileadh le méathras
13agus féaraigh an fhásaigh faoi bhláth.
Tá na cnoic arna gcrioslú le gairdeas
agus na móinéir ag cur thar maoil le tréada.
Tá na gleannta faoi bhrat arbhair;
tógann siad gártha agus canaid le háthas.
Currently Selected:
Salm 65: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.