YouVersion Logo
Search Icon

Salm 64

64
Lucht na Tromaíochta
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.
2Éist le mo ghlór is mé ag gearán, a Dhia;
cosain mo bheo ar eagla an namhad.
3Folaigh mé ar lucht an oilc agus a scéimeanna,
ar an ngramaisc seo de lucht na hurchóide.
4Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar chlaíomh
agus scaoileann a mbriathra nimhe amhail saigheada;
5 scaoileann siad ó chúl clúide leis an bhfíréan,
ʼs iad ag caitheamh leis go tobann gan eagla.
6Beartaíonn siad a ndroch-bhearta go diongbháilte
ʼs iad i gcogar le chéile go folaitheach,
dá rá lena chéile: “Cé a fheicfidh sinn:
7cé a fhéadfaidh ár gcionta a thóraíocht?”
Ach an té sin a thóraíonn an aigne,
arb eol dó rúndiamhra an chroí–
8scaoilfidh Dia a shaigheada leo go tobann,
agus déanfaidh sé a ngoin gan choinne.
9A dteanga féin a dhéanfaidh iad a mhilleadh,
agus déanfaidh a bhfeicfidh iad fonóid fúthu.
10Beidh eagla ar gach aon neach an uair sin,
inseoidh siad a bhfuil déanta ag Dia,
agus tuigfidh siad gníomhartha Dé.
11Gairdeoidh an fíréan sa Tiarna,
rachaidh sé ag triall air faoi dhóchas
agus beidh lucht an chroí chneasta ag déanamh mórtais.

Currently Selected:

Salm 64: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in