YouVersion Logo
Search Icon

Salm 60

60
Urnaí tar éis an Chatha
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Lile an Dlí”. Mictam le Dáiví. Le foghlaim.
2 Nuair a ghabh sé amach i gcoinne Aram Naharaím agus Aram Zóbá nuair a tháinig Ióáb ar ais gur threascair sé Eadóm i nGleann an tSalainn–12,000 (fear).
3Theilg tú uait sinn, a Dhia, agus threascair tú sinn;
bhí tú i bhfeirg linn, fill orainn arís.
4Chroith tú an talamh agus scoilt tú é.
Déan a chréachtaí a leigheas óir tá sé ar crith.
5Chuir tú do phobal faoi chuing an chruatain,
thug tú fíon ár mearaithe le hól dúinn.
6Thug tú comhartha don dream lenarb eagal tú
ionas go dteithfidís as raon an bhogha, Selah
7agus go ndéanfaí dʼaos grá a shaoradh.
Fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn.
8Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé:
“Roinnfidh mé Seicim go ríméadach
agus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas.
9Is liom tír Ghileád, is liom Manaise;
is é Eafráím clogad mo chinn,
is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat;
10is é Móáb mo bháisín níocháin.
Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg,
agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”
11Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta?
Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé?
12Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia,
ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite?
13Tabhair cúnamh dúinn in éadan ar naimhde
óir is díomhaoin é cúnamh ón duine.
14Déanfaimid gaisce le cúnamh ó Dhia
óir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde.

Currently Selected:

Salm 60: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in