Salm 59
59
Saor mé ó lucht doirte Fola
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháiví nuair a chuir Sól fir uaidh a dhéanamh faire ar a theach dʼfhonn é a mharú.
2Fuascail mé ó mo naimhde, a Dhia,
cosain mé ar a n‑éiríonn i mʼéadan.
3Fuascail mé ó lucht déanta na hurchóide
agus saor mé ó lucht doirte fola.
4Féach! téann siad in oirchill ar mʼanam;
déanann na cumhachtaigh cogar ceilge i mo choinne;
gan choir gan chion uaim-se, a Thiarna,
5 tugann siad sciuird fúm gan peaca de mo thaobhsa.
Bí i do dhúiseacht! tar i gcabhair orm agus féach leat!
6Dia Iosrael thú, agus Tiarna na Sluaite.
Éirigh agus smachtaigh na ciníocha,
ná bíodh trua agat do lucht fill agus comh-cheilge. Selah
7Filleann siad gach tráthnóna ar nós madraí
ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach.
8drannaíonn siad lena mbéal agus scaimh orthu,
agus iad ag fiafraí dá chéile: “Cé a chluinfidh sinn?”
9Bíonn tusa, a Thiarna, ag gáire fúthu,
is beag leat na náisiúin go léir.
10Is duit-se a thabharfaidh mé moladh
óir is tú mo Dhia is mo dhaingean.
11Go dtaga mo Dhia i gcabhair orm lena bhuan-ghrá
agus dearcfaidh mé go buach ar mo naimhde.
12Ná lig dóibh, sula mbainfeadh dearmad de mo phobal;
déantar a dtreascairt is a leagan ar lár,
a Thiarna, ós tú is sciath dúinn!
13In éiric pheacaí a mbéal is a mbruas,
i gcúiteamh a mallachtaí is a mbréag
go mbeirtear orthu ina n‑uabhar.
14Scrios iad le corp feirge, a Thiarna,
scrios iad nó go rachaidh siad ar ceal.
Bíodh a fhios acu go bhfuil Dia i réim
ar Iacób agus ar chríocha na cruinne. Selah
15Filleann siad gach tráthnona ar nós madraí
ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach;
16gabhann siad anonn is anall ar thóir bia,
ag drannaíl dóibh mura bhfaigheann siad a sáith.
17Comórfaidh mise do chumhacht le cantaireacht
agus gairdeoidh mé i do bhuan-ghrá le breacadh lae;
óir ráinig tú i do dhaingean agam-sa
agus i do dhídean dom ar uair na hanacra.
18Mo neart thú! is duit-se a chanfaidh mé,
óir is tú, a Thiarna, mo dhaingean,
an Dia a thálann a bhuan-ghrá orm.
Currently Selected:
Salm 59: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: