Salm 61
61
Ar son an Rí
1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. [Salm] le Dáiví.
2Éist le mo ghlao, a Dhia;
tabhair cluas do mʼurnaí!
3Glaoim ort ó chríocha na cruinne
nuair a chliseann mo chroí.
Ar charraig nach bhfuil breith agam uirthi,
cuir mé in airde, a Dhia,
4Óir is tú mo dhún is mo dhaingean
in aghaidh an namhad.
5 Mo thrua gan mé i mo chónaí i do phuball
go brách na breithe,
chun go bhfaighe mé díon agus dídean
faoi scáth do sciathán. Selah
6Óir dʼéist tú le mo mhóideanna, a Dhia;
thug tú dom oidhreacht an dreama
arb eagal leo dʼainm.
7Cuir fad le saol an rí;
go maire sé choíche!
8Go raibh a réim go brách na breithe
i bhfianaise Dé.
Cuir trócaire ghrámhar agus dílse
uait amach, dá chaomhnú,
9agus molfaidh mé dʼainm go brách;
díolfaidh mé mo mhóideanna gach aon lá.
Currently Selected:
Salm 61: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

:
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.