Salm 56
56
Muinín as an Tiarna
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Yonat Elem Rehoqim”. Mictam le Dáiví nuair a bhí sé ina chime ag an Filistínigh i nGat.
2 Bí trócaireach liom, a Dhia, óir déantar leatrom orm;
imrítear ansmacht orm in aghaidh an lae.
3Gabhann mo naimhde de chosa ionam i gcónaí,
is iomaí duine a bhíonn ag troid liom go huaibhreach.
4Nuair is eagal liom is ort atá mo sheasamh,
5 ar Dhia dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair.
As Dia atá mo mhuinín gan eagla,
Cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?
6Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí;
níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom.
7Tionólann siad le chéile in oirchill orm;
téann siad ar mo lorg le fonn mo mharaithe.
8[Cúitigh] a n‑urchóid leo, a Dhia,
déan na ciníocha a chloí i do chuthach.
9Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán;
tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal;
nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar?
10Cuirfear mo naimhde ar gcúl
an uair a ghlaofaidh mé ort,
óir is eol dom anois go bhfuil Dia liom.
11As Dia, dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair,
12as Dia atá mo mhuinín gan eagla;
cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?
13Tá mé faoi cheangal na móideanna a rinne mé duit;
toirbhreoidh mé íobairtí buíochais duit, a Dhia,
14toisc gur tharrthaigh tú mʼanam ón mbás
agus choinnigh tú mo chosa ó thuisliú,
ionas go siúlfainn i bhfianaise Dé,
is go mbainfinn aoibhneas as solas na mbeo.
Currently Selected:
Salm 56: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.