YouVersion Logo
Search Icon

Salm 55

55
Feall agus Faltanas
1 Do siúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví.
2Tabhair cluas do mʼurnaí, a Dhia:
ná téigh i bhfolach ó mʼachainí.
3Tabhair aire dom agus éist le mo ghuí,
óir tá mé cloíte ag an mbuairt.
4Táim ar crith de bharr gártha an namhad
agus ansmacht na n‑urchóideach;
óir tarraingíonn siad an t‑olc anuas orm;
bíonn siad do mo chiapadh le neart a bhfeirge.
5Tá mo chroí arna chloí ionam istigh:
titeann eagla an bháis orm.
6Tagann sceimhle is scanradh orm anuas,
tá mé i mo stalc ag an uamhan.
7“Mo thrua,” a deirim, “gan sciatháin an choilm agam;
dʼeitleoinn liom faoi shuaimhneas.”
8Is amhlaidh a rachainn in imigéin
go ndéanfainn cónaí sa bhfásach.
9Theithfinn gan mhoill ar lorg fothana
ón stoirm is ón spéirling;
10ó anfa clúmhillteach mo namhad,
ó thonn tuile a dteangacha.
Óir ní fheicimse aon ní sa chathair
ach imreas is éigean;
11siúlann siad ballaí na cathrach
de lá agus dʼoíche.
Is lán í dʼolc agus dʼurchóid;
12Tá an peaca ina lár.
Ní scarann an foréigean ná an feall
lena sráideanna choíche.
13Dá mba namhaid é an té a thug aithis dom
dʼfhéadfainn cur suas leis.
Dá mba eascara a dʼéirigh i mʼéadan
rachainn i bhfolach uaidh.
14Ach tusa! mo dhlúthchara féin is mo chaomhchompánach
a rinne an ní seo!
15Ba chairde cléibh sinn a shiúil in éineacht in áras Dé.
16Go gcastar an bás go tobann orthu;
go dté siad beo san uaigh síos.
Óir cónaíonn an urchóid ina n‑árais
agus i gceartlár a gcroí.
17Ach glaofaidh mise ar Dhia
agus saorfaidh an Tiarna mé.
18Ar maidin, meán lae, is tráthnóna
18b beidh mé ag caí is ag caoineadh.
18c ach cluinfidh Dia mo ghlór.
19Fuasclóidh sé mʼanam go sítheach
ón gcath seo a chuirim–
óir is iomaí sin duine a throideann liom–
20Éistfidh sé liom agus cloífidh iad;
(tá sé ann ón tsíoraíocht),
óir ní théann siad i bhfeabhas ar aon chor,
ná ní eagal leo Dia. Selah
21Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde;
briseann sé a chonradh.
22Is sleamhaine a bhriathra ná im,
ach tá cogadh ina chroí.
Is boige a bhriathra ná ola,
ach is claimhte arna nochtadh iad.
23Caith do chúram ar an Tiarna
agus déanfaidh sé taca duit;
ní leomhfaidh sé go mbainfear barrthuisle
as an bhfíréan go brách.
24 Ach seolfaidh tusa síos iad, a Thiarna,
go poll an bháis;
ní bhfaighidh lucht fola agus fill
ach leath a laethanta.
Is ort atá mo sheasamh, a Thiarna.

Currently Selected:

Salm 55: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in