YouVersion Logo
Search Icon

Salm 136

136
An Hallel Mór: Iomann Cásca
1 Alleluia.
Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é,
agus go maireann a bhuan-ghrá go brách.
2Tugaigí buíochas do Dhia na ndéithe,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
3Tugaigí buíochas do Thiarna na dtiarnaí,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
4Is é an t‑aon neach amháin é a dhéanann móréachtaí,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
5Rinne sé na flaithis le feabhas a eagna,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
6Rinne sé an talamh a leathadh ar na huiscí,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
7Eisean a rinne na soilse móra,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
8Chuir sé an ghrian i gceannas an lae,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách;
9an ré is na réaltaí i gceannas na hoíche,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
10Bhuail sé céad-ghin na nÉigipteach,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
11Agus threoraigh sé Iosrael as a measc,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
12Le cumhacht a láimhe agus neart a chuisle,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
13Roinn sé an Mhuir Rua ina dhá cuid,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
14Agus thug ar Iosrael siúl anonn trína lár,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
15Threascair sé Faró agus a shlua sa mhuir,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách;
16agus sheol a phobal tríd an bhfásach,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
17Bhuail sé na ríthe móra,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách;
18agus mharaigh sé na ríthe cumhachtacha,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách;
19Síochón, rí na nAmórach,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách;
20agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
21Agus thug sé a bhfearann mar oidhreacht,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách;
22mar oidhreacht do Iosrael a sheirbhíseach,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
23Chuimhnigh sé orainn nuair a bhíomar dár mbuaireamh,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
24Agus rinne sé ár bhfuascailt ónár naimhde,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
25Bronnann sé bia ar a maireann sa cholainn,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.
26Gabhaigí buíochas le Dia na bhflaitheas,
óir maireann a bhuan-ghrá go brách.

Currently Selected:

Salm 136: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in