Salm 135
135
Moladh leis an Tiarna
1 Alleluia.
Molaigí ainm an Tiarna;
molaigí é, a lucht fónaimh an Tiarna,
2a bhíonn in bhur seasamh i láthair an Tiarna,
i gcúirteanna áras ár nDé.
3Molaigí an Tiarna toisc gur maith é an Tiarna;
canaigí Salm dá ainm toisc gur grámhar é;
4Óir roghnaigh an Tiarna Iacób,
agus Iosrael ina sheilbh dó féin.
5Óir is eol dom gur mór é an Tiarna,
ina Dhia os cionn na ndéithe go léir.
6Déanann sé a dtaitníonn leis ar neamh is ar talamh,
ar muir agus in íochtar na farraige.
7Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne;
déanann sé fearthainn le saighneáin tine;
tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.
8Bhuail sé céad-ghin na hÉigipte,
idir dhaoine agus bheithígh in éineacht.
9Rinne sé comharthaí agus tuartha
i gceartlár do thíre, a Éigipt
in aghaidh Fharó is a lucht fónaimh go léir.
10Bhuail sé a lán de na ciníocha;
agus mharaigh sé ríthe cumhachtacha–
11Síochón, rí na nAmórach
agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán,
agus ríthe Chanán go léir.
12Agus thug sé a dtalamh mar oidhreacht,
mar oidhreacht do Iosrael, a phobal.
13Maireann dʼainm de shíor, a Thiarna,
agus do chuimhne ó ghlúin go chéile.
14Óir déanfaidh an Tiarna a phobal a chosaint;
agus glacfaidh sé trua dá lucht fónaimh.
15Ór agus airgead íola na gciníocha,
saothar lámh na ndaoine.
16Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt;
tá súile acu ach ní fheiceann siad dada;
17tá cluasa orthu ach ní chluineann siad smid;
ná níl puth anála ina mbeola.
18Is cosúil leo féin lucht a ndéanta;
agus a gcuireann a ndóchas iontu.
19A theaghlach Iosrael, tabhair moladh don Tiarna;
a theaghlach Árón, tabhair moladh don Tiarna;
20a theaghlach Léiví, tabhair moladh don Tiarna;
a lucht adhartha an Tiarna, tabhair moladh dó.
21Moladh leis an Tiarna as Síón;
tá cónaí air in Iarúsailéim!
Currently Selected:
Salm 135: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.