Salm 116
116
Altú Buíochais
1 Alleluia
A
Tugaim grá agus taitneamh don Tiarna,
toisc gur éist sé le mo ghuí;
2toisc gur chrom sé chugam a chluas,
nuair a ghaireas air.
3Bhí dola an bháis i mo thimpeall,
agus pianpháis na huaighe;
casadh anró agus anacair i mo threo.
4Ghlaoigh mé ar ainm an Tiarna.
“A Thiarna, fóir ar mʼanam!”
5Is ceansa an Tiarna agus is cóir;
is trócaireach é ár nDia.
6Caomhnaíonn sé an dream gan chealg;
bhí mé ar lár agus shaor sé mé.
7Glac do shuaimhneas arís, a anam liom,
mar roinn an Tiarna go maith leat.
8Óir sciob sé mʼanam ón mbás,
agus mo shúile ó dheora,
agus mo chosa ó thuisliú.
9Beidh mé ag siúl i láthair an Tiarna;
i bhfearann na mbeo.
B
10Bhí muinín agam fiú amháin nuair a dúirt mé:
“Tá mé buartha go mór.”
11Nuair a dúirt mé le corp eagla:
“Is bréagach gach aon neach.”
12Cén cúiteamh a dhéanfaidh mé leis an Tiarna
ina ndearna sé dom?
13Glacfaidh mé cupán an tslánaithe,
gairfidh mé ainm an Tiarna.
14Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna
i bhfianaise a phobail.
15Is luachmhar i láthair an Tiarna
bás a fhíréan.
16Is mise do ghiolla, a Thiarna,
sea, is mac do chailín aimsire;
scaoil tú mo chuibhreacha.
17Ofrálfaidh mé íobairt an bhuíochais duit;
gairfidh mé ainm an Tiarna.
18Díolfaidh mé mo mhóideanna leis an Tiarna
i bhfianaise a phobail,
19i gcúirteanna áras an Tiarna
i gceartlár Iarúsailéim.
Currently Selected:
Salm 116: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.