Salm 115
115
Ollchumhacht agus Ollmhaitheas Dé
1Ní dúinne, a Thiarna, ní dúinne,
ach do dʼainm-se is dleacht an moladh
as ucht do bhuan-ghrá agus dʼfhírinne.
2Cad fáth a ndeir na ciníocha “Cá bhfuil a nDia?”
3Is ar neamh atá ár nDiana;
gach uile ní is áil leis, déanann sé é.
4Ór agus airgead a n‑íolasan,
agus saothar láimhe an duine.
5Tá béal acu ach ní fhéadann siad labhairt;
tá súile acu ach ní fheiceann siad dada.
6Tá cluasa orthu ach ní chluineann siad dada;
tá sróna acu ach ní bhfaigheann siad boladh.
7Tá lámha acu ach ní láimhsíonn siad aon ní;
tá cosa acu ach ní thig leo siúl;
ní thagann aon ghlór óna scornach.
8Is ionann cás do lucht a ndéanta
agus do chách a chuireann a ndóchas iontu.
9Tá dóchas chlann Iosrael sa Tiarna;
is é is cabhair agus is sciath dóibh.
10Tá dóchas chlann Árón sa Tiarna
is é is cabhair agus is sciath dóibh.
11Cuireann lucht eagla an Tiarna a ndóchas ann;
is é is cabhair agus is sciath dóibh.
12Is cuimhin leis an Tiarna sinn; beannóidh sé sinn;
beannóidh sé clann Iosrael agus clann Árón.
13Beannóidh sé lucht eagla an Tiarna,
idir mhion agus mhór in éineacht.
14Méadóidh an Tiarna i gcónaí sibh,
sibh-se agus bhur gclann go léir.
15Go raibh beannacht an Tiarna anuas oraibh
ón té a rinne neamh agus talamh.
16Is leis an Tiarna amháin na flaithis;
ach thug sé an talamh don duine.
17Ní hiad na mairbh a thabharfaidh moladh don Tiarna,
ná an drong a ghabhann síos san uaigh.
18Ach tabharfaimidne moladh don Tiarna,
anois agus go brách na breithe.
Currently Selected:
Salm 115: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.