YouVersion Logo
Search Icon

Eabhraigh 11

11
An Creideamh
1Is é rud é creideamh ná urra go bhfaighimid na nithe a bhfuilimid ag súil leo agus cruthú gur ann do na nithe nach bhfeicimid. 2Is mar gheall ar a gcreideamh a tugadh dea-theist ar ár sinsir. 3Trí chreideamh a thuigimid gur cruthaíodh an chruinne trí bhriathar Dé sa chaoi nach as nithe sofheicthe a rinneadh na nithe a fheicimid. 4Trí chreideamh a dʼofráil Áibil íobairt níos fearr ná íobairt Cháin. Dá bharr sin dearbhaíodh dó go raibh sé ina fhíréan mar thaispeáin Dia go raibh sé sásta lena thabhartais. Agus de thairbhe a chreidimh tá sé ag labhairt linn go fóill cé go bhfuil sé marbh.
5Trí chreideamh a tógadh Eineoc suas sna flaithis sa chaoi nár bhlais sé den bhás. Ní raibh fáil air de bhrí gur thóg Dia suas é. Roimh a dheastógáil bhí sé de theist air go raibh sé taitneamhach le Dia. 6Gan chreideamh ní féidir le duine a bheith taitneamhach leis mar an té atá ag teacht chun Dé ní mór dó a chreidiúint go bhfuil Dia ann agus go dtugann sé luach saothair dá mbíonn dá lorg.
7Trí chreideamh a fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.
8Trí chreideamh a rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; dʼimigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall. 9Trí chreideamh a chuir sé faoi sa tír tairngre faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le hIacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna. 10Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí.
11Trí chreideamh freisin a fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil dʼainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh. 12Dá bharr sin, ar aon duine amháin a bhí ionann is marbh tháinig sliocht a bhí chomh líonmhar le réaltaí Neimhe nó leis na gráinní do-áirithe gainimh atá ar chiumhais na farraige.
13Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus dʼadmhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo. 14Taispeánann daoine a labhraíonn mar seo go bhfuil tír dhúchais dá lorg acu. 15Dá mbeidís ag cuimhneamh fós ar an tír a dʼfhág siad bheadh deis acu ar fhilleadh ar ais uirthi. 16Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.
17Trí chreideamh a dʼofráil Abrahám Íosác nuair a cuireadh triail air. Bhí sé ullamh a aonmhac a íobairt siúd is go bhfuair sé na gealltanais agus 18go ndúradh leis: “Is trí Íosác a bheidh sliocht ort.” 19Óir chreid sé go bhféadfadh Dia Íosác a thógáil ó mhairbh féin. Dá bharr sin, tugadh ar ais dó é–eachtra a raibh brí shamhailteach léi. 20Trí chreideamh freisin a thug Íosác beannacht dʼIacób agus dʼÉasáú a thiocfadh i gcríoch lá níos sia anonn. 21Trí chreideamh a bheannaigh Iacób, agus é ag fáil bháis, gach ceann de mhic Iósaef, agus chrom anuas os cionn a bhata siúil ag moladh Dé. 22Trí chreideamh a labhair Iósaef, agus é i ndeireadh a shaoil, i dtaobh imeacht chlann Iosrael ón Éigipt agus a dʼordaigh sé dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh lena chnámha féin.
23Trí chreideamh a choimeád a thuismitheoirí Maois i bhfolach ar feadh trí mhí nuair a rugadh é. Óir chonaic siad gur bhreá an leanbh é agus níorbh eagal leo ordú an rí. 24Trí chreideamh nár thoil le Maois, nuair a dʼfhás sé suas, go dtabharfaí mac iníon Fharó air. 25Óir bʼfhearr leis cruatan a fhulaingt in éineacht le pobal Dé ná só díomuan an pheaca a bheith aige. 26Chreid sé gur thairbhí dó cur suas le maslaí ar son an Mheisias ná stórtha na hÉigipte a shealbhú mar bhí a shúile ar luach saothair a bhí le teacht. 27Trí chreideamh dʼfhág sé an Éigipt ach ní toisc go raibh eagla air roimh fhearg an rí. Óir bhí an Té dofheicthe os comhair a shúl aige i gcónaí. 28Trí chreideamh a cheiliúir sé an Cháisc agus a dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéad-ghinte le clann Iosrael. 29Trí chreideamh a chuaigh clann Iosrael trasna na Mara Rua faoi mar ba thalamh tirim í, ach nuair a thug na hÉigiptigh faoi bádh iad.
30Trí chreideamh a thit ballaí Ireachó ar lár tar éis iad a bheith dá dtimpeallú ar feadh seacht lá. 31Trí chreideamh nár maraíodh an striapach Rácháb in éineacht leis na díchreidmhigh mar chuir sí fíorchaoin fáilte roimh na spiairí.
32Agus céard eile céard a déarfaidh mé? Níl mo dhóthain ama agam chun cuntas a thabhairt ar Ghidéón, ar Bharac, ar Shamsón, ar Iafta, ar Dháiví, ar Shamúéil agus ar na fáithe. 33Trí chreideamh a chuir siad ríochtaí faoi smacht, a shaothraigh siad an fhíréantacht, a fuair siad a raibh geallta dóibh, a dhún siad béil leon, 34a mhúch siad tinte craosacha, a mʼéalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, a mʼéirigh siad ó laige go láidreacht, a bhí siad cróga sa chath agus a chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach. 35Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad dá gcéasadh mar bhí súil acu go n-aiséireoidís chun beatha níos fearr. 36Dʼfhulaing cuid eile fós maslaí agus sciúrsáil, cuibhrigh agus príosún. 37Gabhadh de chlocha orthu, sábhadh ina dhá leath iad, tástáladh iad agus imríodh anbhás orthu le béal claímh. Théidís timpeall agus éadach de chraicne caorach agus gabhar orthu; bhí siad go beo bocht agus iad dá mbuaireamh agus dá gcrá de shíor. 38Rómhaith a bhí siad le fanacht i gcuideachta daoine agus dʼimigh siad chun fáin agus chuir siad fúthu i bpluaiseanna agus i bpoill faoin talamh. 39Ach cé gur tugadh dea-theist ar na daoine seo go léir mar gheall ar a gcreideamh, ní bhfuair siad na maitheasaí a gealladh dóibh. 40Óir bhí socrú níos fearr ná sin déanta ag Dia ar mhaithe linne. Is amhlaidh nach raibh siad-san le slánú iomlán a fháil ach in éineacht linne.

Currently Selected:

Eabhraigh 11: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in