YouVersion Logo
Search Icon

Eabhraigh 10

10
Íobairt Bhuan
1Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n-ofráiltear na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor. 2Dá mbʼfhéidir leis, nach n-éireofaí ar fad as na híobairtí seo a ofráil? Óir, dá nglantaí an lucht adhartha óna gcuid peacaí go léir an t-aon uair amháin ní bheadh buaireamh coinsiasa orthu feasta mar gheall orthu. 3Ina ionad sin, áfach, tugtar a gcuid peacaí chun cuimhne dóibh bliain i ndiaidh bliana leis na híobairtí.
4Leis an bhfírinne a rá, ní féidir le fuil tarbh agus gabhar peacaí a chur ar ceal. 5Sin é an fáth a ndeir Críost agus é ag teacht isteach sa saol seo:
“Níorbh áil leat íobairt ná tabhartas;
ach dʼullmhaigh tú corp dom.
6Ní raibh dúil agat in íobairtí uile-loiscthe ná sna hofrálacha a dhéantaí ar son peacaí.
7Dúirt mé ansin: ‘Féach, táim ag teacht, a Dhia
chun do thoil a dhéanamh,’
faoi mar atá sé scríofa fúm sa Leabhar.”
8Sa chéad áit dúirt sé: “Níorbh áil leat íobairtí ná tabhartais ná íobairtí uile-loiscthe ná ofrálacha a dhéantaí ar son peacaí ná ní raibh aon dúil agat iontu,” bíodh go n-ofráiltear iad de réir an dlí. 9Ansin dúirt sé: “Féach, táim ag teacht chun do thoil a dhéanamh.” Sa tslí seo chuir Dia na chéad íobairtí ar ceal dʼfhonn an dara ceann a bhunú. 10Agus toisc gurbh é sin ba thoil leis, naomhaíodh sinn tríd an ofráil a rinne Íosa Críost dá chorp féin an t-aon uair amháin ar fad.
11Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann sé na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal. 12Níor ofráil Críost ach an t-aon íobairt shíoraí amháin ar son peacaí. Ansin chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé 13mar a bhfuil sé ag feitheamh feasta nó go gcuirfear a naimhde mar stóilín faoina chosa. 14Mar sin de, le haon íobairt amháin tá slánú iomlán síoraí faighte aige do na daoine a naomhaítear.
15Tugann an Spiorad Naomh fianaise dúinn air seo freisin. Óir tar éis dó a rá: 16“Seo é an conradh a dhéanfaidh mé leo tar éis na laethanta sin, deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina gcroí agus scríobhfaidh mé ar a n-aigne iad,” 17deir sé: “Ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí ná ar a gcionta feasta.” 18Dá bhrí sin, nuair a bhíonn peacaí maite, ní gá ofráil a dhéanamh ar a son níos mó.
Bímis Buanseasmhach
19Dá bhrí sin, a bhráithre, tá sé de cheart againn anois dul isteach san Áit Rónaofa de bhrí gur doirteadh fuil Íosa amach ar ár son. 20Is amhlaidh a dʼoscail sé bealach nua chun na beatha dúinn tríd an gcuirtín, is é sin le rá, trína chuid feola féin. 21Tá ard-sagart againn, freisin, a bhfuil Teach Dé faoina chúram anois. 22Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroithe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíor-uisce. 23Coinnímis greim daingean dobhogtha ar an dóchas a admhaímid a bheith againn, mar is dílis an té a thug na gealltanais uaidh. 24Agus tugaimis aird ar a chéile chun go spreagfaimid a chéile chun grá a thaispeáint dá chéile agus chun dea-oibreacha a dhéanamh. 25Ná fanaimis as láthair ónár gcomh-thionól mar a dhéanann daoine áirithe, ach bímis ag misniú a chéile, go mór mór ó fheiceann sibh go bhfuil Lá an Tiarna ag druidim linn.
26Má leanaimid orainn ag déanamh an pheaca dár lántoil féin, tar éis dúinn eolas a fháil ar an bhfírinne, níl íobairt ar bith ann chun ár bpeacaí a thógáil dínn. 27Níl le déanamh ach fanacht go critheaglach le breithiúnas Dé agus leis an gcraos tine a ídeoidh a naimhde. 28Aon duine a bhriseann dlí Mhaois cuirtear chun báis é gan trócaire ar fhianaise beirte nó triúir. 29Más ea, nach dóigh libh gur measa go mór ná sin an pionós a chuirfear ar an duine a shatail ar Mhac Dé agus a chaith droch-mheas ar fhuil an chonartha ar naomhaíodh é léi agus a thug masla do Spiorad an ghrásta? 30Tá a fhios againn cé hé a dúirt: “Mise a imreoidh díoltas; mise a chúiteoidh,” agus fós: “Tabharfaidh an Tiarna breithiúnas ar a phobal.” 31Is uafásach an rud é titim isteach i lámha Dé bheo.
32Cuimhnígí ar an am fadó nuair a fuair sibh solas an chreidimh ar dtús. Is minic a bhí saol crua anróiteach le fulaingt agaibh. 33Uaireanta maslaíodh sibh agus tugadh droch-íde daoibh go poiblí; uaireanta eile chuaigh sibh i bpáirt le daoine ar cuireadh an drochbhail chéanna orthu. 34Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh. 35Dá bhrí sin, ná cailligí bhur misneach; óir is mór é an luach saothair atá ag dul dó. 36Tá gá agaibh le foighne, áfach, le go ndéanfaidh sibh toil Dé agus go bhfaighidh sibh na maitheasaí a gealladh daoibh. 37“I gceann tamaillín bhig eile tiocfaidh an Té atá le teacht agus ní dhéanfaidh sé moill. 38Mairfidh an fíréan seo agam-sa de bharr a chreidimh. Ach má thugann sé a chúl leis ní bheidh gnaoi agam air.” 39Ní daoine sinne a thabharfaidh ár gcúl leis an gcreideamh sa chaoi go gcaillfear sinn, ach daoine a chloífidh leis nó go sábhálfar ár n-anam.

Currently Selected:

Eabhraigh 10: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in