YouVersion Logo
Search Icon

2 Corantaigh 5

5
1Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine. 2Go deimhin fad a bhímid anseo, bímid ag tnúth go hosnaíoch lenár n-áitreabh ar neamh a chur umainn mar bhrat, 3agus nuair a bheidh sé sin curtha umainn ní bheimid nocht. 4Is ea, fad a bhímid i mboth an choirp bímid ag osnaíl go cloíte, ach ní hé is áil linn an corp saolta a bhaint dínn ach an corp eile a chur umainn lasmuigh de, ionas go slogfar siar an rud básmhar ag an mbeatha. 5Agus is é a réitigh ina chomhair seo leis féin sinn, Dia a thug dúinn an Spiorad i ngeall leis.
6Bímid lán de mhisneach i gcónaí dá bhrí sin, cé go bhfuil a fhios againn fad atá ár gcónaí sa chorp go bhfuilimid ar deoraíocht ón Tiarna. 7Mar is le creideamh a shiúlaimid bóthar an tsaoil seo agus ní le radharc na súl é. 8Mar sin féin táimid lán de mhisneach cé go mbʼfhearr linn go mór an corp a bheith fágtha againn agus a bheith inár gcónaí leis an Tiarna. 9Ach cibé acu sa bhaile leis a bhímid nó as baile uaidh, níl dʼaidhm againn ach é a shásamh. 10Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.
An Aspalacht i nGníomh
11Tuigimid cad is eagla Dé ann agus déanaimid áiteamh dá réir ar dhaoine. Is follas do Dhia ár meon agus tá súil agam gur follas do bhur gcoinsias-sa freisin é. 12Ní dár moladh féin libh arís atáimid ach ag iarraidh bun a thabhairt daoibh chun a bheith bródúil asainn, dʼfhonn is go mbeadh freagra agaibh orthu siúd a bhíonn bródúil as dreach an duine in áit a bheith bródúil as a mheon. 13Má táimid as ár meabhair, is ar son Dé é; má táimid inár gciall is ar mhaithe libh-se é. 14Is é grá Chríost atá dár dtiomáint ón uair a dʼaithníomar go bhfuair aon duine amháin bás ar son cách uile agus dá réir sin go bhfuil an uile dhuine tar éis bháis. 15Agus fuair sé bás ar son cách dʼfhonn is nach ar mhaithe leo féin a mhairfeadh na beo feasta ach ar mhaithe leis an té sin a fuair bás ar a son agus a dʼaiséirigh ó mhairbh.
16As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh. 17Mar, aon duine atá i gCríost, is duine é atá cruthaithe as an nua; tá an sean i léig, féach, agus tá an nua tagtha. 18Is é Dia a thug an t-iomlán i gcríoch, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost agus a dʼfhág an t-athmhuintearas ina chúram orainne. 19Is é sin le rá go raibh Dia i gCríost ag tabhairt an domhain chun athmhuintearais leis féin, gan cionta na ndaoine a agairt orthu, agus gur fúinne a dʼfhág sé fógairt an athmhuintearais sin.
20Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia. 21Mar an té úd nárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, dʼfhonn go ndéanfaí dínne fíréantacht Dé ann.

Currently Selected:

2 Corantaigh 5: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in