Is é Dia a thug an t-iomlán i gcríoch, mar is é a thug sinne chun athmhuintearais leis féin trí Chríost agus a dʼfhág an t-athmhuintearas ina chúram orainne. Is é sin le rá go raibh Dia i gCríost ag tabhairt an domhain chun athmhuintearais leis féin, gan cionta na ndaoine a agairt orthu, agus gur fúinne a dʼfhág sé fógairt an athmhuintearais sin.