1 Corantaigh 7
7
An Pósadh
1Maidir leis na nithe ar scríobh sibh ina dtaobh: Is ea, bʼfhearr dʼfhear gan baint le bean; 2ach le heagla na drúise bíodh a bhean féin ag gach fear agus bíodh a fear féin ag gach bean. 3Tugadh an fear a cearta pósta dá bhean agus tugadh an bhean mar an gcéanna a chearta dá fear. 4Mar ní ag an mbean atá ceannas ar a corp féin ach ag a fear; agus an fear mar an gcéanna, ní aige atá ceannas ar a chorp ach ag an mbean. 5Agus ná diúltaígí dá chéile ach amháin ar feadh seala le toil a chéile dʼfhonn a bheith saor chun urnaithe agus ansin teacht ar ais le chéile arís ar eagla go gcuirfeadh Sátan cathú oraibh de dheasca ainriantachta. 6Is mar chomhairle a deirim an méid sin, áfach, agus ní mar ordú. 7Ba mhaith liom gach duine a bheith ar mo nós féin, ach bíonn a thabhartas féin ó Dhia ag cách, duine mar seo agus duine eile mar siúd.
8Is é a deirim leis na daoine singile agus leis na baintreacha go mbʼfhearr dóibh fanacht mar atá siad ar mo nós féin. 9Ach mura mbíonn guaim acu orthu féin pósaidís, mar is fearr pósadh ná loscadh. 10Tá an foláireamh seo le tabhairt agam, áfach, dóibh seo atá pósta, agus ní uaim féin é ach ón Tiarna: ná tréigeadh bean a fear céile– 11ach má thréigeann fanadh sí gan pósadh nó déanadh sí mór arís leis–agus ná scaoileadh fear a bhean chéile uaidh. 12Deirim an méid seo leis an gcuid eile–is uaim féin é agus ní ón Tiarna–an bráthair a bhfuil díchreidmheach mná aige agus í sásta cónaí leis, ná scaoileadh sé uaidh í. 13Agus an bhean a bhfuil díchreidmheach fir aici agus é sásta cónaí léi, ná scaoileadh sí uaithi é. 14Mar tá an díchreidmheach fir naomhaithe ag an mbean agus tá an díchreidmheach mná naomhaithe ag an mbráthair: mura mbeadh sin bheadh bhur gclann neamh-ghlan–ach tá siad naofa dáiríre. 15Ach má tá fonn scarúna ar an gcéile díchreidmheach, imíodh sé leis; níl an bráthair ná an bhean faoi cheangal ina leithéid sin de chás mar gur chun maireachtáil go suaimhneach a ghlaoigh Dia oraibh. 16Agus cá bhfios duit a bhean, go sábhálfaidh tú dʼfhear céile? Agus cá bhfios duit-se, a dhuine, go sábhálfaidh tú do bhean?
Fanaimis mar a Bhíomar
17Taobh amuigh de sin, leanadh gach duine den saol a bhí ceaptha ag an Tiarna dó, mar a bhí aige nuair a fuair sé an glao ó Dhia. Sin é an riail a leagaimse síos sna heaglaisí uile. 18Má bhí duine timpeallghearrtha nuair a glaodh air, ná bíodh sé ag iarraidh na comharthaí a chur ar ceal. Má bhí duine gan timpeall-ghearradh nuair a glaodh air, ná timpeallghearrtar anois é. 19Is cuma an timpeall-ghearradh ann nó as ach aitheanta Dé a choimeád. 20Fanadh gach duine sa ghairm bheatha ina raibh sé nuair a glaodh air. 21An daor a bhí ionat nuair a fuair tú an glao? Má ba ea, ná cuireadh sin as duit–ach más féidir duit dul saor, bʼfhearr duit an deis a ghlacadh. 22An daorfhear a bhfuil glaoite sa Tiarna air, is saorfhear leis an Tiarna é. Ar an gcuma chéanna an saorfhear a fuair an glao, is daorfhear le Críost é. 23Ceannaíodh sibh go daor; más ea, ná cuirtear sibh faoi dhaorsmacht daoine. 24Dá réir sin, a bhráithre, fanadh gach duine i bhfianaise Dé mar a bhí sé nuair a fuair sé an glao.
Maighdeana agus Baintreacha
25Maidir le maighdeana, níl aon ordú agam ón Tiarna; tá mo thuairim féin agam le tabhairt daoibh, áfach, mar dhuine atá iontaofa de bharr thrócaire an Tiarna. 26Is é is dóigh liom-sa, mar gheall ar strus na huaire, go mbʼfhearr do dhuine fanacht mar atá sé. 27Má tá tú ceangailte le bean, ná bí ag lorg do scaoilte; má tá tú scaoilte ó bhean, ná bí ag iarraidh bean a phósadh. 28Má phósann tú, áfach, ní haon pheaca duit é agus má phósann cailín óg ní haon pheaca dise é. Beidh anró an tsaoil ar a leithéidí áfach agus ba mhaith liom sibh a shábháil air sin. 29Is é atáim a rá libh, a bhráithre, go bhfuil an uain dulta i ngiorracht; dá chionn sin, iad seo a bhfuil bean acu, bídís ar chuma daoine nach mbeadh aon bhean acu; 30bíodh lucht an ghoil faoi mar nach mbeidís ag gol, agus bíodh lucht na lúcháire faoi mar nach mbeidís ag déanamh lúcháire. 31Iad sin a bhíonn ag ceannach, bídís ar chuma daoine nach mbeadh dada ina seilbh acu; agus iad siúd a bhíonn ag gabháil do ghnóthaí an tsaoil ná bídís gafa iontu, mar tá dreach an tsaoil seo ag síothlú. 32Is amhlaidh ba mhaith liom sibh a bheith saor ó imní. Bíonn an fear singil buartha faoi ghnóthaí an Tiarna ag iarraidh an Tiarna a shásamh; 33ach bíonn an fear pósta buartha faoi ghnóthaí an tsaoil ag iarraidh a bhean a shásamh, rud a fhágann é i ngalar na gcás. 34Ar an gcuma chéanna bíonn an bhean shingil nó an cailín óg buartha faoi chúrsaí an Tiarna dʼfhonn a bheith naofa idir chorp agus anam; ach bíonn an bhean phósta buartha faoi chúrsaí an tsaoil ag iarraidh a fear a shásamh. 35Is ar mhaithe libh a deirim an méid seo, agus ní ag iarraidh laincis a chur oraibh atáim, ach le go mbeadh gach ní ina cheart, agus go bhfónfadh sibh don Tiarna gan cur isteach ná amach oraibh.
36Más dóigh le duine nach bhfuil sé ag déanamh mar is cuí le hiníon leis agus í go maith in aois a pósta agus gan aon réiteach eile aige air, déanadh sé mar is áil leis; pósaidís agus ní haon pheaca dó é. 37Ar an taobh eile, áfach, an fear atá daingean diongbháilte ina chroí, agus gan aon iallach air ach é ar a chomhairle féin, agus a shocraíonn ina aigne ar a iníon a choinneáil mar atá sí, beidh rud maith déanta aige. 38Más ea, an fear a chuireann a iníon i gcríoch, beidh rud maith déanta aige ach an fear nach ndéanann, beidh rud is fearr fós déanta aige sin. 39Bíonn ceangal ar bhean fad a mhaireann a fear; ach má chailltear an fear, níl a bhac uirthi a rogha duine a phósadh–ach é a bheith ina phósadh sa Tiarna. 40Is sonasaí a bheidh sí, áfach, i mo thuairimse, má fhanann sí mar atá sí; agus is dóigh liom go bhfuil Spiorad Dé agam-sa chomh maith.
Currently Selected:
1 Corantaigh 7: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.