YouVersion Logo
Search Icon

1 Corantaigh 6

6
Gan a Bheith ag dul chun Dlí
1Nuair a bhíonn cúis ag duine agaibh ar dhuine eile an mbíonn sé mʼéadan air an scéal a chur faoi bhreith na neamhfhíréan in ionad na naomh? 2An é nach dtuigeann sibh gurb iad na naoimh a thabharfaidh breith ar an domhan? Agus más oraibhse atá breith a thabhairt ar an domhan, an amhlaidh nach bhfuil sibh in ann ceisteanna suaracha a réiteach? 3Nach bhfuil a fhios agaibh go dtabharfaimid breith ar na haingil féin gan trácht ar nithe saolta? 4Dá bhrí sin má bhíonn cúrsaí saolta le réiteach agaibh, cad ab áil libh iad a chur faoi bhreithiúnas daoine nach bhfuil seasamh ar bith sa phobal Críostaí acu? 5Mo náire sibh! An amhlaidh nach bhfuil aon duine stuama oraibh féin a dʼfhéadfadh réiteach a dhéanamh idir a bhráithre, 6ach bráthair ag cur dlí ar bhráthair agus é a dhéanamh i láthair ainchreidmheach?
7Is locht oraibh a bheith ag dul chun dlí le chéile ar chor ar bith. Cén fáth nach gcuireann sibh suas leis an éagóir? Cén fáth nach bhfulaingíonn sibh leis an bhfeall? 8Ina ionad sin is amhlaidh a bhíonn sibh féin ag déanamh na héagóra agus an fhill agus is ar bhur mbráithre féin é chomh maith. 9An é nach dtuigeann sibh nach bhfaighidh drochdhaoine Ríocht Dé mar oidhreacht? Ná bíodh aon dul amú oraibh: drúisigh ná íoltóirí ná adhaltraigh ná piteoga ná sodamaigh 10ná gadaithe ná santacháin ná meisceoirí ná cáinteoirí ná robálaithe–ní bhfaighidh siad Ríocht Dé mar oidhreacht. 11Agus is mar sin a bhí cuid agaibh-se tráth ach tá sibh nite anois, tá sibh coisricthe agus fíréanaithe in ainm an Tiarna Íosa Críost agus i Spiorad ár nDé.
Tugaigí Glóir do Dhia
le bhur gCorp
12“Tá gach ní ceadaithe dom”–ach ní hé gach ní a théann chun sochair. “Tá gach ní ceadaithe dom”–ach ní mise a bheidh faoi smacht ag aon rud. 13“Is don ghoile atá an bia ann agus is don bhia an goile”–ach cuirfidh Dia idir bhia agus ghoile ar neamhní. Ní don drúis atá an corp ann, áfach, ach don Tiarna agus is don chorp atá an Tiarna ann. 14Mar ní hamháin gur thóg Dia an Tiarna ó mhairbh ach tógfaidh sé sinne ó mhairbh lena chumhacht chomh maith. 15Nach bhfuil a fhios agaibh gur baill bheatha de Chríost bhur gcoirp? Más ea, an bhfuilim chun baill bheatha Chríost a thógáil agus baill bheatha mheirdrí a dhéanamh díobh? Nár lige Dia sin! 16Nach bhfuil a fhios agaibh an té a bhíonn go dlúth i bpáirt le meirdreach go mbíonn sé dʼaon chorp léi? Mar a deir an scrioptúr: “Aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu.” 17An té a bhíonn go dlúth i bpáirt leis an Tiarna áfach, bíonn sé dʼaon spiorad leis. 18Seachnaígí an drúis dá réir sin. Gach peaca eile dá ndéanann an duine, is lasmuigh dá chorp a bhíonn sé, ach is in aghaidh a choirp féin a pheacaíonn fear na drúise. 19Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh 20mar gur daor a ceannaíodh sibh. Más ea, tugaigí glóir do Dhia le bhur gcorp.

Currently Selected:

1 Corantaigh 6: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in