Rómhánach 16
16
1Cuirim fá bhur gcomairce Foíbé ár siúr, baindeochan na h‐eaglaise i gCenchréa: 2go nglacaidh sibh chugaib í san Tighearna, mar ba dual do na naomhaibh, agus go gcuidighidh sibh léi i n‐aon ghnó ’n‐a mbéidh bhur gcongnamh de dhith uirthi; óir go deimhin thug sí féin congnamh d’á lán daoine, agus damh‐sa, leis.
3Beannuighidh do Phrisca agus d’Acuila, cómh‐shaothraidhthe liom i nÍosa Críost, 4daoine a chuir a muineál féin i gcontabhairt ar son m’anma‐sa; d’á bhfuilim ag tabhairt buidheachais, agus ní mise amháin, 5acht eaglaisí na gCineadhach go léir: agus beannuighidh do’n eaglais atá ’n‐a dtigh. Beannuighidh d’Epénatus, mo chara ionmhain, céad‐thoradh na h‐Áise do Chríost. 6Beannuighidh do Mháire, do rinne saothar mór ar bhur son. 7Beannuighidh d’Andronícus agus do Iúnia, gaolta liom, agus cómh‐bhraighdeáin liom, daoine go bhfuil árd‐chlú ortha i measc na n‐abstal, agus do bhí i gCríost rómham‐sa. 8Beannuighidh d’Ampliatus, mo chara ionmhain san Tighearna. 9Beannuighidh d’Urbán, ár gcómh‐shaothraidhe i gCríost, agus do Stachus, cara ionmhain liom. 10Beannuighidh d’Apelles, an Chríost‐aidhe cruthuighthe. Beannuighidh do na cáirdibh bhaineas le teaghlach Aristobúluis. Beannuighidh do Héródian, mo dhuine muinnteardha. 11Beannuighidh do na daoinibh bhaineas le teaghlach Narcissuis atá san Tighearna. 12Beannuighidh do Thruféna agus do Thrufósa, mná shaothruigheas san Tighearna. Beannuighidh do Phersis dileas, bean do rinne saothar mór san Tighearna. 13Beannuighidh do Rúfus, fear atá sonnruightheach san Tighearna, agus d’á mháthair, atá ’n‐a máthair damh‐sa, leis. 14Beannuighidh d’Asuncritus, do Fhlégon, do Hermés, do Phatróbas, do Hermas agus do na bráithribh atá ’n‐a bhfochair. 15Beannuighidh do Fhilólogus agus do Iúlia, do Néreus agus d’á dheirbhshiair, agus d’Olumpas, agus do na naomhaibh uile atá ’n‐a bhfochair. 16Beannuighidh féin d’á chéile le póig naomhtha. Beannuigheann eaglaisí uile Chríost daoibh.
17Anois, a bhráithre, impidhim oraibh bheith ar bhur gcosaint ar an dream do‐ghní siosmaí agus scannail i n‐aghaidh an teagaisc atá foghlamtha agaibh; agus druididh uatha. 18Óir ní do’n Tighearna Críost atá a leithéidí ag déanamh seirbhíse, acht d’á mbolg féin; agus tá siad ag mealladh croidheacha na ndaoine simplidhe le blastacht cainnte agus le bladaireacht. 19Óir atá tuairisc bhur n‐umhlachta i mbéal an uile dhuine. Atá bród orm ’n‐bhur dtaobh, d’á bhrigh sin: acht is mian liom sibh bheith glic i dtaobh maitheasa, agus bheith neamh‐urchóideach i dtaobh an uilc. 20Agus is gearr go mbrúghfaidh Dia na síothchána Sátan fá bhur gcosaibh.
Go raibh grása ár dTighearna Iosa Críost libh!
21Beannuigheann Timóteus, cómh‐shaothraidhe liom, agus Lúcias, agus Iásón, agus Sosípatros, mo dhaoine muinnteardha, dhaoibh. 22Mise, Tertius, do scríobh an litir seo, beannuighim‐se dhaoibh. 23Beannuigheann Gáius, thug aoigheacht damh‐sa agus do’n eaglais uile, beannuigheann seisean daoibh. Beannuigheann Erastus, cisteoir na cathrach, agus Cuartus, ár mbráthair, daoibh.
25Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó sibh do dhaingniú do réir mo shoiscéil‐se, agus do réir seanmóireachta Íosa Críost, do réir foillsighthe na rúndiamhaire do cóngbhuigheadh fá cheilt leis na ciantaibh, 26acht atá d’á nochtadh anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile chineadh tré scrioptúiribh na bhfáidh, do réir aithne an Dé shíorraidhe, chum go mbéidís umhal do’n chreideamh; 27do Dhia, an t‐aon eagnaidhe amháin, dó‐san go raibh an ghlóir, tré Íosa Críost, go saoghal na saoghal. Amén.
Currently Selected:
Rómhánach 16: ATN1951
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932