Rómhánach 15
15
1Is dual dúinne atá láidir dul i dtaca le h‐anbhfainne na ndaoine atá lag, gan bheith ag lorg ár n‐aoibhneasa féin. 2Déanadh gach duine agaibh aoibhneas a chómharsan chum a leasa agus chum a neartuighthe. 3Óir níorbh é a aoibhneas féin do loirg Críost; acht do réir mar tá scríobhtha, Masladh an dreama do mhasluigh thusa, is orm‐sa do luigh sé. 4Óir gach ar scríobhadh roimhe seo do scríobhadh iad chum teagasc do thabhairt dúinn, ionnas go mbéadh dóchas againn tré fhoighid agus tré shólás na scrioptúir. 5Anois go dtugaidh Dia na foighde agus an tsóláis daoibh bheith ar aon intinn le chéile, do réir Íosa Críost: 6ar mhodh go mbéidh sibh, ar aon chroidhe, ar aon bhéal ag moladh Dé, Athair ár dTighearna Íosa Críost. 7Uime sin gabhaidh chugaibh a chéile, do réir mar ghabh Críost sibh‐se, chum glóire Dé. 8Óir adeirim go raibh Íosa Críost ’n‐a sheirbhíseach ag lucht an timcheall‐ghearrtha, chum fírinne Dé do chruthú, chum go ndaingneochadh sé na geallamhnacha tugadh do na sinnsearaibh, 9agus go dtiubhradh na Cineadhaigh glóir do Dhia ar son a thrócaire: mar atá scríobhtha,
D’á bhrigh sin molfad i measc na gCineadhach thú,
Agus seinnfead dot’ ainm.
10Agus adeir sé arís,
Déanaidh gáirdeachas, a Chineadhacha, mar aon le n‐a phobal‐san.
11Agus arís,
Molaidh an Tighearna, a Chineadhacha go léir,
Agus go molaidh an pobal uile é.
12Agus arís, adeir Ésáias,
Béidh fréamh Iesse ann,
Agus an té éireochas chum na Cineadhaigh do riaghlú,
Is as chuirfeas na Cineadhaigh a ndóchas.
13Anois go líonaidh Dia an dóchais sibh de gach áthas agus de gach síothcháin san gcreideamh, chum go mbéidh sibh féin lán de dhóchas, tré chumacht an Spioraid Naoimh.
14Atáim féin dearbhtha ’n‐bhur dtaobh‐sa, a bhráithre, go bhfuil sibh féin lán de mhaitheas, agus go bhfuil sibh líonta de gach eolas, agus go bhfuil ar chumas daoibh teagasc do thabhairt d’á chéile. 15Acht ba dánaighe‐de mé ag scríobhadh chugaibh, mar bhéinn ag brostú bhur gcuimhne, 16an grás ó Dhia tugadh dhom, go mbéinn im’ mhinistir ag Íosa Críost chum na gCineadhach, ag miniostrálacht soiscéil Dé, chum go mbéadh na Cineadhaigh ’n‐a n‐íodhbairt thaithneamhaigh, agus naomhuighthe thríd an Spiorad Naomh. 17Uime sin atá cúis mórtais agam i nÍosa Críost san méid bhaineas le Dia. 18Óir ní leomhfad labhairt acht ar na neithibh do‐rinne Críost thríom‐sa, chum na Cineadhaigh do dhéanamh umhal, le briathraibh agus le gníomharthaibh, tré chumas mór‐chómharthaí agus iongantaisí, 19tré bhrigh an Spioraid Naoimh; ar chuma gur chraobhscaoileas soiscéal Chríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus thart ’n‐a thimcheall chómh fada le h‐Illiricum; 20agus gur chuireas rómham gan an soiscéal do chraobhscaoileadh i n‐áit ’n‐ar h‐ainmnigheadh Críost cheana, ar eagla bheith ag tógáil ar bhun do chuir daoine eile: 21acht mar atá scríobhtha,
Chífidh siad‐san nach dtáinig a thuairisc chuca,
Agus tuigfidh siad‐san nach gcuala.
22Is ar an adhbhar sin do bacadh mé go minic gan bheith ar chumas dom teacht chugaibh: 23acht anois, ó thárla gan ionad eile bheith agam ins na críochaibh seo, agus ó thárla go bhfuil fonn orm le bliadhantaibh fada teacht chugaibh, 24nuair bhéidhead ag triall ar an Spáinn (óir atá súil agam go bhfeicfead ar an mbealach dom sibh, agus go seolfaidh sibh ar aghaidh mé, tar a éis dom mo shásamh le tamall ’n‐bhur gcuideachtain) — 25acht anois is ag triall ar Iarúsalem atáim, ag freastal ar na naomhaibh. 26Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cómh‐roinn do dhéanamh leis na bochtaibh atá i measc na naomh i nIarúsalem. 27Do bhí fonn mór ortha é sin do dhéanamh, mar bhíodar i bhfiachaibh aca. Óir má bhí na Cineadhaigh rannpháirteach leo i neithibh spioradálta, ba cheart dóibh cabhrú leo i neithibh saoghalta. 28Mar sin de, chómh luath is bhéas sin déanta agam, agus na bronntanais sin tabhartha agam dóibh, tiocfaidh mé chugaibh san tslighe dhom fá dhéin na Spáinne. 29Agus nuair thiocfad, atáim cinnte go dtiocfad le lán‐bheannacht Chríost.
30Anois, a bhráithre, impidhim oraibh, i n‐ainm ár dTighearna Íosa Críost, agus as ucht grádha an Spioraid, cuidiú liom‐sa ag guidhe chum Dé ar mo shon; 31chum go saorfar mé ó’n dream i nIúdaea atá dí‐chreidmheach, agus chum go dtaithneochaidh mo sheirbhís do Iarúsalem leis na naomhaibh; 32chum go dtiocfad chugaibh le h‐áthas, de dheoin Dé, agus go bhfaighead suaimhneas mar aon libh. 33Anois, go raibh Dia na síothchána agaibh go léir. Amén.
Currently Selected:
Rómhánach 15: ATN1951
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932