Gníomhartha 13
13
CAIBIDIOL XIII.
Saul agus Barnabas d’á gcur amach ag an Spioraid Naomh. Seanmóiniú acu ’a dhéanamh i gCuprus agus i n-Antioch Phisidia.
1Ach bhí sa n-eaglais, a bhí i n-Antioch fáidhí agus teagasgóirí, ar a raibh Barnabas agus Símón, ar a dtugtí Símón Dubh, agus Lúcius an Curénach agus Manachen, cómhdhalta Héróid an tetrarc, agus Saul. 2Agus bhíodar ag déanamh gnótha an Tighearna agus ag déanamh trosgaidh agus dubhairt an Spioraid Naomh leó: Deighlighidh chugham Saul agus Barnabas chun na h-oibre d’á bhfuilid glacaithe agam. 3Ansan do dheineadar trosgadh agus úrnuighthe agus chuireadar a lámha ortha-san agus chuireadar chun súbhail iad.
4Agus fé sheóladh an Spioraid Naoimh chuadar-san go Seleúcia, agus as san, ar faraige, go Cuprus 5Agus nuair a thánadar go Salamis bhíodar ag craobhsgoile bréithir Dé i sinagógaibh na n-Iúdach. Agus bhí Eóin acu sa tseirbhís, leis. 6Agus nuair a bhí an t-oileán go léir siúbhalta acu chómh fada le Paphos, fuaradar draoi áirithe, fáidh fallsa, Iúdach gur bh’ainim dó Bar-Iésus. 7Agus bhí sé i bhfochair an phróchonsuil, Sergius Paulus, fear ciallmhar. Chuir sé sin fios ar Bharnabas agus ar Shaul mar ba mhian leis briathar Dé do chloisint. 8Ach bhí Elimas, an draoi, (óir is mar sin a mínighthear a ainim) ag cur ’n-a gcoinnibh, a d’iarraidh an próchonsuil d’iompáil ó’n gcreideamh. 9Ach bhí Saul, (tá Pól mar ainm air leis), lán de’n Spioraid Naomh, agus d’fhéach sé air 10Agus dubhairt sé: Ó a fhir atá lán de gach feall agus de gach éitheach, a mhic an diabhail a namhaid gach cirt, ná stadfair de shlighthibh díreacha an Tighearna do chur bun os cionn? 11Ach féach siné lámh an Tighearna anois ort, agus beidh tú ad dhall, agus ní fheicfir an ghrian, go ceann tamaill. Agus le n-a linn sin do thuit sgamall air agus doircheacht, agus bhí sé ag cuardach ’n-a thímpall féachaint an bhfaghad sé duine thabharfadh a lámh dó. 12Ansan nuair a chonnaic an próchonsul an níd sin do dhein sé iongna de theagasg an Tighearna agus do chrieid sé.
13Agus chuaidh Pól agus a mhuinntir, ar luing, ó Phaphos go Pergé i bPamphilia. #13:13 A.D. 42.Ach d’imthigh Eóin uatha agus d’fhill sé go Ierúsalem. 14Ach do chuaidh an chuid eile ar aghaidh tré Phergé agus thánadar go h-Antioch i bPisidia agus chuadar isteach sa tsinagóig lá na sabbóide agus shuidheadar ann. 15Agus nuair a bhí léighead na dlíghe agus na bhfáidh déanta chuir uachtaráin na sinagóige teachtaireacht chúcha ’ghá rádh: A fheara, a bhráithre, má tá agaibh aon chainnt theagaisg do’n phobul abraidh í.
16Ansan d’eirigh Pól agus bhagair sé ciúnas le n-a láimh agus dubhairt sé:
A fheara de shliocht Israéil, agus sibhse go bhfuil eagla Dé oraibh éistidh liom! 17Do thoigh Dia an tsleachta so Israéil ár n-aithreacha agus d’árduigh sé an pobul nuair a bhíodar ’n-a gcómhnuighe #Exod. 1:1.i dtalamh na h-Éigipte agus thug se amach as an áit sin iad le #Exod. 13:21,22.láim chómhachtach. 18#Exod. 16:3.Agus chuir sé suas le n-a mbéasaibh ar feadh dachad blian sa bhfásach. 19Agus d’ídigh sé seacht gcineacha i dtalamh Chanaan agus #Iosué 14:2.do rainn sé ortha-san a gcuid tailimh á chur ar chrannaibh. 20#Breith. 3:9.Agus ’n-a dhiaidh san, tímpall cheithre chéad agus caogad blian, thug sé breitheamhain dóibh, go dtí Samuél fáidh. 21Ansan #1 Rígh. 8:5.d’iarradar rí agus thug Dia dhóibh Saul mac Chis, fear de threibh Bheniamin, ar feadh dachad blian. 22#1 Rígh. 13:14 agus 16:3.Ansan do chuir sé an fear san i leith taoibh agus thóg sé suas chúcha Dáibhid ’n-a rí, agus thug sé teistiméireacht air nuair a dubhairt sé: #Salm 88:21.Tá Dáibhid mac Iesse fághalta agam, fear do réir mo chroidhe féin, fear a chómhlíonfaidh gach nídh is toil liom. 23A’ síol an fhir sin, #Isáias 11:1.do réir na geallamhna, tá Slánuightheóir tabhartha ag Dia d’Israél, ’sé sin Íosa. 24#Mait. 3:1; Marc. 1:4; Lúc. 3:3.Agus roime n-a theacht san do chraobhsgaoil Eóin bhaiste chun aithríghe do phobul Israéil go léir. 25Agus nuair a bhi Eóin ag cómhlíonadh a chuarda dubhairt sé: #Mait. 3:11; Marc. 1:7; Eóin 1:27.Ni mise an t-é is dóigh libh is mé, ach féach tá ag teacht am dhiaidh an t-é nach fiú mé bróga a chos do sgaoile.
26A fheara, a bhráithre, a shliocht sleachta Ábrahaim, agus an méid agaibh ar a bhfuil eagla Dé, is ag triall oraibhse do cuireadh briathar an tslánuighthe seo! 27Óir níor aithın muinntir Ierúsalem é, agus níor aithin uaisle Ierúsalem é, ná guthana na bhfáidh, bíodh go léightear iad gach sabbóid, agus thugadar breith air agus chómhlíonadar guthana na bhfáidh. 28Agus bíodh ná fuaradar aon choir ann #Mait. 27:20,23; Marc. 15:13; Lúc. 23:21,23; Eóin 19:15.d’iarradar ar Phílát go leogfí dhóibh é chur chun báis. 29Agus nuair a bhí gach nídh d’á raibh sgríobhtha ’n-a thaobh cómhlíonta acu thógadar anuas de’n adhmad é agus chuireadar i leacht é. 30#Mait. 28; Marc. 16; Lúc. 24; Eóin 20.Ach do thóg Dia ós na mairbh é an treas lá, 31agus bhí sé d’á fheiscint ar feadh mórán laethanta ag an muinntir a tháinig le n-a chois ó Ghaililí go Ierúsalem, agus atá go dtí anois ’n-a bhfínnithe dó i láthair daoine. 32Agus táimíd ’á chur i n-iúil daoibhse cad í an gheallamhaint a tugadh d’ár n-aithreachaibh, 33Agus conus mar atá an gheallamhaint sin cómhlíonta ag Dia d’ár sliocht, mar gur aithbheódhaigh sé Íosa, do réir mar atá sgríobhtha sa tarna sailm: #Salm 2:7.Is tusa mo mhac, do gheineas-sa thu an lá so. 34Ach i dtaobh a thógáilt ós na mairbh gan casadh aige airís ar chlaochlóbh, dubhairt sé mar seo: #Isáias 55:3.Tabharfad daoibh na neithe naomhtha dílse is le Dáibhid. 35Agus is uime sin a deir sé i n-áit eile mar an gcéadna: #Salm 15:10.“Ní cheadóchair do t’ Aon Naomhtha claochlódh a dh’fheiscint.” 36Óir, nuair a bhí a ghnó déanta ag Dáibhid, do réir thoile Dé, ’n-a gheinealach féin, do #3 Rígh. 2:10.chodail sé agus do cuireadh i dteannta a aithreacha é, agus chonnaic sé claochlódh. 37Ach an t-é a thóg Dia ós na mairbh ní fheacaidh sé claochlódh.
38Bíod a fhios agaibh, dá bhrígh sin, a fheara a bhráithre, gur tríd sin a fógartar daoibhre maitheamhnachas peacaí, agus (fuasgailt) ós na neithe ná féadfadh fíoraontacht a thabhairt daoibh i ndlighe Mhaoise. 39Sa duine seo gheibheann gach aoinne, a chreideann, fíoraontacht. 40Seachnaidh, d’á bhrígh sin, san a’ dtiocfadh oraibh an rud adeirtear ins na fáidhibh: 41#Habac. 1:5.Féachaidh, a lucht an neamhshuime, agus deinidh iongna, agus éagaidh, óir tá obair agamsa d’á oibiriú i nbhúr laethibhse, obair ná creidfidh sibhse, má ínnseann aoinne dhaoibh é.
42Agus nuair a bhíodar ag imtheacht amach d’iarradar ortha an chainnt sin do labhairt leó sa tsabbóid a bhí chughainn. 43Agus nuair a dísgaoileadh an tsinagóg, do lean a lán de sna Iúdaígh, agus de sna daoine iasachta bhí diadha, Pól agus Barnabas, agus do chabhruigheadar-san leó agus chómhairligheadar dóibh leanmhaint i ngnásta Dé.
44An tsabbóid a bhí chughainn tháinig an chathair go léir, nách mór, chun éisteacht le briathar Dé. 45Ansan nuair a chonnaic na Iúdaígh na sluaighte do líonadar d’fhormad agus bhiodar ag bréagnú na cainnte a deireadh Pól, go diamhasluightheach. 46Ansan dubhairt Pól agus Barnabas, go dána: is libhse nár bhfoláir dúinn briathar Dé do labhairt an dtúis; ach ó dhiúltuigheann sibh dó, agus nác fiú sibh, do réir bhúr mbreithe féin, beatha shioruidhe dh’fhághail, táimídne, féac, ag iompáil chun na ngeinte. 47Óir seo mar a d’órduigh an Tighearna dhúinn: #Isáias 49:6.Chuireas tu mar solus do sna geintibh, ionus go mbeitheá ad ádhbhar slánuighthe go dtí imeall an domhain. 48Nuair airigh na geinte an nídh sin bhí áthas ortha agus bhíodar ag tabhairt glóire do bhriathar Dé, agus do chreid an méid acu a bhí roimh-órdhuighthe chun na bheatha síoruidhe.
49Agus do leathad briathar an Tighearna tríd an ndúthaigh go léir. 50Ach do shéid na Iúdaígh fé sna mnáibh diadha onóracha agus fé uaisibh na catharach agus mhúsgladar géareanmhaint ar Phól agus ar Bharnabas agus chomáineadar as an dtír iad. 51#Mait. 10:14; Marc. 6:11; Lúc. 5:9.Agus dheineadar-san ceó a gcos do chrothadh ’n-a gcoinnibh agus thánadar go h-Icónium. 52Agus do líonad na deisgiobuil le sólás agus leis an Spioraid Naomh.
Currently Selected:
Gníomhartha 13: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.