Agus bhíodar ag déanamh gnótha an Tighearna agus ag déanamh trosgaidh agus dubhairt an Spioraid Naomh leó: Deighlighidh chugham Saul agus Barnabas chun na h-oibre d’á bhfuilid glacaithe agam. Ansan do dheineadar trosgadh agus úrnuighthe agus chuireadar a lámha ortha-san agus chuireadar chun súbhail iad.