Gníomhartha 24
24
Caibidil XXIV
Dearbhann Pól a neimhchionntacht i láthair an uachtaráin, Felics. Mínigheann sé an creideamh dó.
1Agus i gcionn chúig lá tháinic uachtarán na sagart, Ananías, anuas, mar aon le cuid de na seanóirí, agus le h-óráididhe áirithe, darbh ainm Tertullus, agus chuaidh siad chuig an uachtarán i n-aghaidh Phóil.
2Agus nuair a goireadh Pól i láthair, thoisigh Tertullus a chionntughadh, ag rádh: De bhrígh go mairimíd fá shíothcháin mhóir tríd-se, agus go bhfuil mórán neithe dá gceartughadh faoi do riar,
3Admhuighimíd sin i gcómhnaidhe agus i ngach áit, a Fhelics ró-oirdheirc, go lán-bhuidheach.
4Acht ar eagla go gcuirinn níos mó moille ort, guidhim thú as ucht do cheannsachta éisteacht le h-aithghiorracht cainnte uainn.
5Fuaireamar an duine seo ina phláigh, agus é ag tógáil cheannairc imeasc na n-Iúdach go léir ar fud an domhain, agus ina ughdar le ceannairc aicme na Nasardhach.
6Agus thug sé iarraidh fosta an teampall a thruailliughadh, agus nuair a rugamar air, bhí dúil againn breitheamhnas a thabhairt air do réir ár ndlighe.
7Acht tháinic an ceann feadhain, Lisias, orainn, agus sciob sé as ár lámha é le foiréigean mhór,
8Agus d’órduigh sé do lucht a chionntuighthe a theacht chugat-sa: Agus tré n-a cheistiughadh béidh tú féin i n-innimh fios d’fhagháil uaidh-sean ar gach nídh acu sin dá gcuirimíd ina leith.
9Agus d’aontuigh na h-Iúdaigh leis, ag rádh go raibh na neithe sin amhlaidh.
10Annsin d’fhreagair Pól (nuair a thug an t-uachtarán cómhartha dó labhairt): De bhrígh gurab eol damh tusa a bheith i do bhreitheamh ar an chineadh seo le mórán bliadhan, is ró-fhonnmhar a labharfas mé ar mo shon féin.
11Óir féadaidh tú a fhios d’fhagháil, nach bhfuil sé níos mó ná dhá lá dhéag ó chuaidh mise suas, a thabhairt adhartha i n-Ierusalem:
12Agus ní fhuair siad mé ag díospóireacht le h-aoinneach, ná ag tabhairt sluaigh i gcionn a chéile, san teampall, ná ins na sineagóga, ná san chathair:
13Ná ní thig leo na neithe sin atá dá gcur i mo leith anois acu a chruthughadh duit.
14Acht admhuighim seo duit, go ndéanaim seirbhís do’n Athair agus mo Dhia do réir na h-aicme sin, a ngoireann siad-san éirse dí, ag creidbheáil damh i ngach nídh dá bhfuil scríobhtha san dlighe agus ins na fáidhe:
15Agus dóchas i nDia agam, rud a bhfuil siad-san ag súil leis fosta, go mbéidh eiséirghe na bhfíréan agus na neimhfhíréan ann.
16Agus san nídh seo bheirim iarraidh de shíor coinsias a bheith agam nach gcionntuigheann i n-aghaidh Dé ná daoine.
17Agus i gcionn mórán bliadhan tháinic mé chuig mo chineadh féin, chun déirc, agus ofrála, agus móide a dhéanamh.
18Agus fuair siad glanta san teampall mé, agus mé ag gabháil de na neithe sin, agus gan sluagh liom, ná gleo,
19Iúdaigh áirithe as an Aisia, ar chóir dóibh a bheith annseo ós do chómhair, agus dá mbéadh aon nídh acu i m’aghaidh, é chur i mo leith:
20Nó abradh siad seo má fuair siad urchóid ar bith ionnam, nuair a bhí mé i mo sheasamh i láthair a gcómhairle,
21Acht amháin an t-aon ghuth seo le n-ar scairt mé amach, agus mé i mo sheasamh ina measc: Is fá eiséirghe na marbh atá breitheamh-nas dá thabhairt agaibh orm indiu.
22Agus chuir Felics ar athlá iad, óir ba ró-mhaith a bhí fios na slighe seo aige, agus dubhairt: Nuair a thiocfas Lisias, an ceann feadhain, anuas, éistfidh mé libh.
23Agus d’órduigh sé do cheanntúir é a choimhéad, agus sócamhal a thabhairt dó, agus gan aoinneach dá cháirde a chosc ó fhreastal a dhéanamh dó.
24Agus i gcionn seal laethe, tháinic Felics, mar aon le n-a mhnaoi, Drusilla, arbh Iúdach í, agus chuir siad fá choinne Phoil, gur chuala uaidh fá’n chreideamh atá i gCríost Íosa.
25Agus nuair a labhair sé ar chóir, agus ar gheanmnaidheacht, agus ar an bhreitheamhnas a bhí le theacht, ghlac Felics eagla, agus d’fhreagair sé: Imthigh leat anois: acht nuair a bhéas uain fhóirstineach agam, cuirfidh mé fá do choinne.
26Agus bhí súil aige san am chéadna go dtabharfadh Pól airgead dó, agus dá bhrígh sin, chuireadh sé go minic fá n-a choirne, agus labharadh sé leis.
27Acht nuair a chuaidh dhá bhliadhain thart, tháinic Portius Festus ina chómharba ag Felics. Agus ó bhí fonn ar Fhelics na h-Iúdaigh a shásamh, d’fhág sé Pól ina príosúnach.
Currently Selected:
Gníomhartha 24: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland