1
Rómhánaigh 2:3-4
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
OC1970
Agus an síleann tú, a dhuine, go rachaidh tú saor ó bhreithiúnas Dé nuair a dhaorann tú an dream a dhéanas leithéid na nithe a chleach-tas tú féin? Nó an beag leat saibhreas a mhaitheasa agus a fhadfhulaingte agus a fhoighne? Nach feasach duit go bhfuil i ndán ag maitheas Dé do thabhairt chun aithrí?
Compare
Explore Rómhánaigh 2:3-4
2
Rómhánaigh 2:1
Ar an ábhar sin, a dhuine úd, a thugas breith ar dhuine eile, ní inleithscéil tú; óir nuair a dhaorann tú eisean daorann tú thú féin, mar bíonn na nithe céanna sin á ndéanamh agatsa agus tú i do bhreitheamh air.
Explore Rómhánaigh 2:1
3
Rómhánaigh 2:11
Mar ní chlaonann Dia a cheart.
Explore Rómhánaigh 2:11
4
Rómhánaigh 2:13
Mar ní hiad an dream a n-éisteann a gcluasa leis an dlí is fíréanta os comhair Dé, ach an dream a chuireas an dlí i ngníomh is iadsan a mheasfar ina bhfíréin.
Explore Rómhánaigh 2:13
5
Rómhánaigh 2:6
Mar cúiteoidh sé le cách de réir a oibreacha
Explore Rómhánaigh 2:6
6
Rómhánaigh 2:8
ach ní bhfaighidh lucht an mhéirleachais nach n-umhlaíonn don Ihírinne, ach a ghéilleas don choirpeacht, ach fíoch agus fearg.
Explore Rómhánaigh 2:8
7
Rómhánaigh 2:5
Ach le cruas agus neamhaithreachas do chroí tá tú ag cur feirge i dtaisce duit féin le haghaidh lá na feirge nuair a nochtfar ceart-bhreithiúnas Dé.
Explore Rómhánaigh 2:5