1
2 Timótéus 4:7
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
OC1970
Tá dea-throid curtha agam, tá mo chúrsa rite agam, níor fheall mé ar an gcreideamh.
Compare
Explore 2 Timótéus 4:7
2
2 Timótéus 4:2
bí ag seanmóireacht an bhriathair, bíodh faobhar ort i dtráth agus in antráth, bí ag áiteamh agus ag ceartú agus ag spreagadh, gan teip ar dʼfhoighne ná ar do theagasc.
Explore 2 Timótéus 4:2
3
2 Timótéus 4:3-4
Mar tá an t-am ag teacht nach mbeidh acmhainn ag na daoine ar dhea-theagasc folláin, agus tochas orthu le cluas a thabhairt do lucht theagasc na comhairle atá in aice lena dtoil, agus iad ag tabhairt na cluaise bodhaire don fhírinne agus ag dul ar thóir na bhfinscéalta bréige.
Explore 2 Timótéus 4:3-4
4
2 Timótéus 4:5
Ach maidir leat féin, bí staidéartha i gcónaí, bíodh acmhainn agat ar chruatan, bí i do shoiscéalaí saothrach, agus bain iomlán éifeachta as do mhinistreacht.
Explore 2 Timótéus 4:5
5
2 Timótéus 4:8
As seo tá bláthfhleasc na fíréantachta i dtaisce i mo choinne, a mbeidh an Tiarna, an breitheamh fíréan úd, á bronnadh orm an Lá úd, agus ní ormsa amháin ach ar an uile dhuine den dream arb ansa leo a thaispeáint.
Explore 2 Timótéus 4:8