1 Timótéus 2:8-10
1 Timótéus 2:8-10 OC1970
Is é mo thoil mar sin na fir a bheith ag déanamh urnaí san uile áit, agus aghaidh a mbos á hardú acu gan fhearg gan achrann; agus na mná a bheith á ngléasadh féin go modhúil macánta in éadaí mar is cuí, gan ór ná péarlaí a fhí ina bhfolt ná feistiú costasach a bheith orthu, ach spéis a bheith acu i ndea-oibreacha mar a oireas do mhná a bhfuil ainm na cráifeachta orthu.





