1
Uimhreacha 21:8
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Dúirt an Tiarna le Maois: “Déan nathair thintí agus cuir ar chuaille í, agus gach duine ina gcuirfear cealg, nuair a fhéachfaidh sé uirthi, mairfidh sé.”
Compare
Explore Uimhreacha 21:8
2
Uimhreacha 21:9
Dhealbhaigh Maois nathair chré-umha dá bhrí sin agus chuir ar chuaille í, agus nuair a chuireadh nathair cealg i nduine, dʼfhéachadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh.
Explore Uimhreacha 21:9
3
Uimhreacha 21:5
Labhraíodar in aghaidh Dé agus in aghaidh Mhaois: “Cad ab áil libh dár dtabhairt amach as an Éigipt chun bás a fháil san fhásach? Óir tá an áit seo gan arán, gan uisce, agus is gráin linn an bia gan mhaith seo.”
Explore Uimhreacha 21:5
4
Uimhreacha 21:6
Ansin sheol Dia nathracha tintí i measc an phobail, agus chuireadar a gcealg sa phobal, agus fuair a lán in Iosrael bás.
Explore Uimhreacha 21:6
5
Uimhreacha 21:7
Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: “Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i dʼaghaidhse. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.” Ghuigh Maois ar son an phobail.
Explore Uimhreacha 21:7