Ní stadaimid ach ag gabháil buíochais le Dia mar gheall oraibh uile agus ag cuimhneamh oraibh gan staonadh inár n‑urnaithe. Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.