1 Teasalónaigh 1:2-3
1 Teasalónaigh 1:2-3 ABN
Ní stadaimid ach ag gabháil buíochais le Dia mar gheall oraibh uile agus ag cuimhneamh oraibh gan staonadh inár n‑urnaithe. Cuimhnímid i láthair Dé, ár nAthair, ar a bhríomhaireacht atá bhur gcreideamh, ar a dhícheallaí atá bhur ngrá agus ar a sheasmhacht atá bhur ndóchas as ár dTiarna Íosa Críost.





