an té dob’ ionann le Dia féin ’n‐a ċló, aċt nár ṡaṁluiġ ḋó féin ḃeiṫ ar aon ċéim le Dia, mar ḃéaḋ sin ’n‐a ċraoiḃ le breiṫ, aċt do lom é féin, agus do ġlac cuma seirḃísiġ ċuige féin, agus ṫáinig sé ar an saoġal i gcosaṁlaċt duine; agus do noċtaḋ é i rioċt duine; agus i rioċt duine ḋó, d’uirísliġ sé é féin, agus do ḃí sé uṁal go dtí an bás, go bás na croise féin.