1
Matha 25:40
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
Agus déarfaidh an rí dá bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agam-sa, is dom-sa a rinne sibh é.’
Compare
Explore Matha 25:40
2
Matha 25:21
Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gábh isteach in aoibhneas do thiarna.’
Explore Matha 25:21
3
Matha 25:29
óir, gach aon duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige, ach an té a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é.
Explore Matha 25:29
4
Matha 25:13
Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh an lá ná an uair.
Explore Matha 25:13
5
Matha 25:35
Óir bhí ocras orm agus thug sibh rud le hithe dom, bhí tart orm agus thug sibh rud le hól dom, bhí mé i mo strainséir agus thug sibh aíocht dom
Explore Matha 25:35
6
Matha 25:23
Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gábh isteach in aoibhneas do thiarna.’
Explore Matha 25:23
7
Matha 25:36
bhí mé nocht agus chuir sibh éadach orm, bhí mé tinn agus tháinig sibh do mʼfheiceáil, bhí mé i bpríosún agus thug sibh cuairt orm.’
Explore Matha 25:36
Home
Bible
Plans
Videos