Dá mba shúil an corp iomlán, cá mbeadh an éisteacht? Nó dá mba éisteacht an t-iomlán cá mbeadh an boladh? Faoi mar atá, áfach, shocraigh Dia gach ball ar leith de na baill bheatha sa chorp de réir mar ab áil leis féin é. Dá mba aon bhall amháin an t-iomlán acu, cá mbeadh an corp?