Agus dubhairt sé do ghuth árd: Eirigh ad sheasamh ar do chosaibh! Agus do léim sé ’n-a sheasamh agus shiúbhluigh sé.
Agus nuair a chonnaic na daoine cad a bhí déanta ag Pól d’árdugheadar a nglór agus dubhradar, as Licaóinis: Táid na déithe, i riochtaibh daoine, tagaithe anuas chúgainn.