Seanfhocal 15
15
1Cuireann freagra séimh an fhearg ar gcúl,
ach músclaíonn briathra borba cuthach.
2Riarann teanga na n‑eagnaí eolas,
ach bíonn baois ar sileadh le béal na n‑amadán.
3Tá súile an Tiarna i ngach treo,
agus faire acu ar olc agus maith.
4Crann beatha í teanga shéimh,
ach briseann an urchóid inti an croí.
5Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar,
ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú.
6Tá mórán maoine i dteach an fhíréin,
ach leanann buairt cnuasach an choirpigh.
7Scaipeann beola na saoithe eolas;
ní mar sin le croí na n‑amadán.
8Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh;
is gean leis urnaí an fhíréin.
9Is gráin leis an Tiarna bealach an urchóidigh,
ach is gean leis an té a mbíonn tóir aige ar an bhfíréantacht.
10Tá smachtú dian i ndán don té a thréigeann an cosán;
an té ar fuath leis an ceartú, ní mhairfidh sé beo.
11Tá Seól agus Abadón ar leathadh roimh an Tiarna,
nach mó ná sin atá croíthe na ndaoine!
12Ní maith leis an scigire é a cheartú,
agus ní bhíonn caidreamh aige ar lucht na heagna.
13Gabhann gealgháire le háthas croí,
ach briseann cumha chroí an misneach.
14Eolas is sprioc ag aigne an duine thuisceanaigh,
ach baois an bia a bhíonn i mbéal na n‑amadán.
15Is drochlá gach lá ag fear na buairte,
ach is fleá gach lá ag an gcroí suairc.
16Is fearr an builín beag agus eagla an Tiarna
ná an builín mór agus buairt dá réir.
17Is fearr de bhéile luibheanna agus grá leo
ná mart méith agus gráin leis.
18Adhnann an duine lasánta achrann,
ach réitíonn an duine sochma aighneas.
19Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí,
ach is ród réidh cosán [na ndícheallach].
20Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair,
ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.
21Is breá leis an bhfear gan chiall an bhaois,
ach siúlann an fear tuisceanach ar an gcosán díreach.
22Gan dea-chomhairle téann na pleananna amú,
ach ritheann leo le cabhair mórán comhairleoirí.
23Gabhann áthas le freagra pras,
agus nach maith é an focal i dtráth!
24Seolann cosán an eagnaí in airde chun na beatha,
agus seachnaíonn sé Seól laistíos.
25Leagann an Tiarna teach na n‑uaibhreach ar lár,
ach cosnaíonn sé teorainneacha na baintrí.
26Is gráin leis an Tiarna smaointe an choirpigh,
ach is [gean leis] caint na neamhchiontach.
27An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach;
ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.
28Déanann an fíréan machnamh ina chroí [ar bhearta fónta],
ach sníonn mailís as béal lucht na hurchóide.
29Is fada é an Tiarna ó na hurchóidigh,
ach tugann sé cluas dʼurnaí an fhíréin.
30Cuireann súilfhéachaint chineálta áthas ar an gcroí,
agus cuireann dea-scéala neart sna cnámha.
31An té a thugann cluas ghéar do cheartú folláin,
beidh fáilte roimhe i gcomhluadar na saoithe.
32An té a dhiúltaíonn don smacht, níl meas aige air féin;
an té a éisteann le ceartú faigheann sé breis tuisceana.
33Is teagasc san eagna é eagla an Tiarna;
gabhann an umhlaíocht roimh an onóir.
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.