رفتن به محتوا

Seanfhocal 14

14
1Tógann an [eagna] teach di féin,
ach déanann an bhaois é scartáil lena lámha féin.
2An té a shiúlann ar chosán na fíréantachta, bíonn eagla an Tiarna air;
ach an té ar claon iad a bhealaí, is beag é a mheas air.
3Bíonn slat an uabhair i mbéal an amadáin,
ach is díon iad a bheola don duine críonna.
4Gan damh gan farae;
le neart daimh tagann fómhar fial.
5Ní insíonn finné fírinneach bréag;
ach tagann éitheach ón bhfinné bréagach le gach anáil.
6Bíonn sé fánach ag an scigire a bheith ag tóraíocht na heagna;
tagann eolas go bog ar fhear na tuisceana.
7Seachain comhluadar an amadáin,
ach cloígh le beola críonna.
8Sé is eagna leis an gcríonna, faire a choimeád ar a bhearta;
cuireann baois na mbaoth daoine amú.
9Déanann Dia fonóid faoi na hurchóidigh,
ach bíonn a ghnaoi ar na fíréin.
10Is eol don chroí a bhrón féin,
agus ní bhíonn an strainséir páirteach ina lúcháir.
11Scriosfar teach an urchóidigh,
ach beidh áitreabh an fhíréin faoi bhláth.
12Tá cosán ann a shamhlaíonn díreach do dhuine
ach níl de chríoch air ach slí an bháis.
13Sa gháire féin bíonn cumha chroí,
agus sé an dobrón is críoch don lúcháir.
14Bíonn an croí gan stuaim sásta lena imeachtaí féin,
agus an fear cóir le fómhar a bheart.
15Géilleann an duine saonta do gach scéal,
ach ní thugann an duine críonna léim an daill.
16Bíonn fear na céille gaoismhear
ach bíonn an t‑amadán gan smacht gan aire.
17Déanann an duine teasaí bearta baotha,
ach bíonn foighne ag fear na tuisceana.
18Bíonn seilbh ag na hamadáin ar an mbaois,
ach bíonn eolas mar choróin ag lucht na gaoise.
19Cromann an t‑olc roimh an mhaith,
agus déanann an t‑urchóideach amhlaidh ag geataí na bhfíréan.
20Is fuath fiú lena chomharsa féin an bochtán;
ach bíonn fuílleach cairde ag an saibhir.
21Peacach an té ar beag leis a chomharsa;
ach is méanar don té ar trua leis an bochtán.
22Nach bhfuil breall ar lucht na claonbheartaíochta?
Bíonn cneastacht agus dílse i ndán do lucht na scéimeanna córa.
23Bíonn toradh ar gach saothar;
níl de bharr cainte gan éifeacht ach an ghannchúis.
24Coróin na ngaoismhear a ngaois,
an bhaois a bhíonn mar chraobh ag na baotha.
25Sábhálann finné fírinneach daoine ón mbás;
is fealltóir an bréagaire.
26Ábhar teann muiníne ag duine is ea eagla an Tiarna;
beidh sé mar thearmann ag a chlann.
27Foinse beatha is ea eagla an Tiarna,
lena seachnaíonn duine gaistí an bháis.
28Mathshlua daoine is glóir ag rí;
bíonn flaith faon nuair a bhíonn sé gan daoine.
29Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge;
is [measa ná baoth] an fear lasánta.
30Cuireann an croí socair anam san fheoil,
ach creimeann an fhearg na cnámha.
31Is masla dá chruthaitheoir luí ar an mbochtán;
ach an té a bhíonn cineálta leis an mbocht, tugann sé onóir dó.
32Scriosann a urchóid féin an coirpeach;
ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.
33Lonnaíonn an eagna i gcroí fhear na tuisceana
ach [níl fiú aithne uirthi] i gcroí lucht na baoise.
34Déanann an tsuáilce cine a mhóradh,
ach is tarcaisne ar aon náisiún an peaca.
35Bíonn gnaoi an rí ar an seirbhíseach cliste,
ach bíonn a fhearg ar an té a dhéanann gníomh náireach.