رفتن به محتوا

Íseáia 9

9
1An pobal a bhí ag siúl sa dorchadas,
chonaic siad solas mór;
agus ar mhuintir na tíre gruama
tá solas ag lonrú.
2Chuir tú go mór lena n‑áthas,
mheadaigh tú ar a lúcháir;
tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair,
mar a dhéanann in aimsir an fhómhair,
amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.
3Óir an chuing a bhí anuas orthu,
an choirb ar a nguaillí,
agus slat an aintiarna,
déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.
4Óir gach coisbheart catha,
agus gach fallaing a tumadh san fhuil,
tá siad loiscthe,
tá siad dóite le tine.
5Óir rugadh leanbh dúinn,
tugadh mac dúinn;
tá an tiarnas ar a ghualainn,
agus is é ainm atá air:
“Comhairleoir iontach”, “Dia láidir”,
“Athair síoraí”, “Prionsa na síochána”.
6Níl teorainn lena thiarnas
ná críoch lena shíocháin
ar chathaoir ríoga Dháiví
agus ar a ríogacht,
ag cur bun agus taca leo,
sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách.
–Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.
Díoltas an Tiarna
7Caitheann an Tiarna focal le Iacób
agus titeann sé ar Iosrael.
8Pobal iomlán Eafráim agus muintir na Samáire,
aithníonn siad é.
Dúirt siad ina ndíomas
agus i sotal a gcroí:
9“Tá na brící tar éis titim, tógfaimid le clocha gearrtha;
tá na seiceamair leagtha, cuirfimid céadrais ina n‑áit.”
10Ach tá an Tiarna ag dreasú a naimhde i gcoinne an phobail seo,
tá sé ag gríosú a gcéilí comhraic:
11Arám thoir agus na Filistínigh thiar,
alpann siad Iosrael go cíocrach.
Ach níl a fhearg síothlaithe;
tá a lámh sínte amach i gcónaí.
12Ach níor fhill an pobal ar an té a bhí á bhualadh,
níor lorg sé Tiarna na Slua;
13mar sin tá an Tiarna i ndiaidh ceann agus eireaball a theascadh dʼIosrael,
pailm agus giolcach in aon lá amháin.,
14(Seanóir agus móruasal–sin é an ceann;
fáidh na bhfíseanna bréagacha, is é sin an t‑eireaball.)
15Lucht treoraithe an phobail seo, tá siad ar strae,
agus an dream atá siad a threorú, tá siad ar seachrán.
16Sin é an fáth nach dtabharfaidh an Tiarna anacal dá n‑ógánaigh,
ní bheidh trua aige dá ndílleachtaí ná dá mbaintreacha.
Tá an pobal seo aindiaga ainbheartach ar fad,
tá a gcaint seafóideach.
Ach níl a fhearg síothlaithe,
tá a lámh sínte amach i gcónaí.
17Is ea, loisceann an urchóid mar bheadh tine ann;
alpann sé driseacha agus sceacha,
ansin cuireann sé tine le mothair na foraoise
agus téann an deatach in airde ina ghuairneáin.
18Fearg Thiarna na Slua is í chuir an tír trí thine,
agus is cuma nó breosla an pobal.
Níl duine acu a thugann anacal dá bhráthair,
19Gearrann siad ar dheis, agus tá ocras orthu fós;
slogann siad ar chlé, agus níl siad sásaithe,
gach aon ag alpadh feoil a chomharsan.
20Alpann Manaise Eafráim, agus Eafráim Manaise,
agus tá an bheirt acu in éadan Iúdá.
Ach níl a fhearg síothlaithe,
tá a lámh sínte amach i gcónaí.