رفتن به محتوا

Íseáia 8

8
Saolaítear mac do Íseáia
1Dúirt an Tiarna liom: “Tóg séala mór agus scríobh air i ngnáthlitreacha: Machaer Seálál Hais Baz. 2Ansin faigh finnéithe dom atá inmhuinín: an sagart Úiriá agus Zacairiá, mac Ibiricia.”
3Chuaigh mé i leith an bhanfháidh. Ghabh sí agus shaolaigh mac. Dúirt an Tiarna liom: “Tabhair Machaer Seálál Hais Baz mar ainm air, 4óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ‘daidí’ na ‘mamaí’ a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.”
Sileo agus Eofrataes
5Labhair an Tiarna liom arís agus dúirt:
6“As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas dʼuiscí Shileo
a shileann go suaimhneach,
agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizín
agus mac Ramailiá,
7cuirfidh an Tiarna ag líonadh in bhur gcoinne
uiscí tréana domhaine na hAbhann
(rí na hAsaíre agus a ghlóir go hiomlán).
Sceithfidh sí as a grinneall
agus cuirfidh sí thar a bruacha ar fad;
8beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá,
agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál,
agus beidh a sciatháin spréite
thar leithead do dhúiche, a Imeánuéil.”
Scéin an Ionraidh
9Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh;
éistigí, a chiníocha i gcéin,
ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh,
ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh.
10Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath;
focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann,
mar tá Dia linne.
An Tiarna ina Cheap Tuisle
11Óir is amhlaidh seo a labhair an Tiarna liom,
nuair a rug a lámh orm chun mé a cheapadh
ó shlí an phobail seo a leanúint.
12“Ná tabhair comhcheilg
ar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air;
an ní is eagal leo,
ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.
13Tiarna na Slua,
is é nach mór a naomhú;
roimhesean a bheidh eagla oraibh, agus uamhan.
14Eisean an sanctóir agus an ceap tuisle
eisean an charraig a bhainfidh leagan
as dhá theaghlach Iosrael;
é ina shás agus ina ghaiste
do mhuintir Iarúsailéim.
15Agus bainfear tuisle as mórán díobh,
titfidh siad agus brisfear iad;
rachaidh siad sa dol agus béarfar orthu.”
Ráiteas Íseáia lena Dheisceabail
16Tá an tiomna faoi chlúdach,
an teagasc faoi shéala agam
i gcroí mo dheisceabal.
17Tá mé ag fanacht leis an Tiarna,
atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib,
is ann atá mo dhóchas.
18Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom,
is tuar agus mana sinn in Iosrael
ó Thiarna na Slua,
a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.
19Agus beidh siad á rá libh: “Fiafraígí de na taibhsí
agus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil;
–cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéithe
agus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh,
20chun teagasc agus tiomna a fháil.”
Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad,
mar níl breacadh lae i ndán dóibh.
An Seachrán Oíche
21Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocras
agus leis an ocras tiocfaidh fearg orthu
agus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia;
ag amharc in airde dóibh
22nó ag breathnú síos ar an talamh,
níl ann ach anbhroid agus dorchadas,
gruamacht na hanbhuaine,
agus ní fheicfidh siad ach an oíche.
23An ea nach mbíonn gruamacht mar a mbíonn anbhuain?
An Eipeafáine
San am atá thart thug sé béim síos do thír Zabúlun agus do thír Naftáilí, ach san am atá ag teacht ardóidh sé bealach na farraige, an taobh thall den Iordáin, Gailíl na gciníocha.