Cóheilit 5
5
1Ná bí luath chun cainte agus ná habair focal faoi dheifir i láthair Dé; óir tá Dia sna flaithis ach is ar talamh atá tusa. Mar sin de, bí ar bheagán focal. 2Óir, mar a thagann tromluí ar dhuine trí mhéid a chúraim, gineann guth an amadáin barraíocht baothchainte.
3Nuair a thugann tú móid do Dhia, ná cuir a comhlíonadh ar cairde mar ní thaitníonn amadáin leis. Comhlíon a bhfuil móidithe agat. 4Is fearr duit gan móid a thabhairt ná í a thabhairt ach gan í a chomhlíonadh. 5Ná lig do do bhéal a thabhairt ort peaca a dhéanamh agus ná habair i láthair teachtaire Dé: “Dearmad ba ea é.” Cad chuige a gcuirfeá fearg ar Dhia le do chuid cainte agus go millfeadh sé obair do lámh? 6Óir as an iomad taibhreamh tagann baois agus barraíocht baothchainte. Maidir leatsa, áfach, bíodh eagla ort roimh Dhia.
Foréigean Feidhmeannach
7Má fheiceann tú foréigean á imirt ar bhochtáin agus an ceart agus an chóir á gcur as a ríocht sa stát, ná bíodh aon ionadh ort faoi, mar bíonn an t‑ardfheidhmeannach ag faire ar an bhfeidhmeannach agus tá feidhmeannaigh eile ann atá níos airde ná ceachtar acu. 8Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe.
Saibhreas
9An té a ghráíonn an t‑airgead ní bhíonn a shá de aige choíche agus an té a ghráíonn an saibhreas ní bhfaighidh sé aon sochar as–baois is ea é seo chomh maith. 10Nuair a mhéadaíonn an saibhreas tagann méadú ar líon na gcaiteoirí freisin. Mar sin de cén tairbhe é don té ar leis é ach lán a shúl a bhaint as? 11Is go suaimhneach sámh a chodlaíonn an fear oibre cibé acu a bhíonn beagán nó mórán ite aige ach cuireann ollmhaoin an duine shaibhir codladh na hoíche amú air. 12Tá olc scannalach ann a chonaic mé féin abhus faoi luí na gréine: saibhreas á thaisceadh ag an duine ar leis é chun a dhíobhála féin; 13agus an saibhreas sin á chailleadh trí fhiontar míámharach éigin agus gan dada le fáil ag an mac a ghin sé. 14Mar a tháinig sé amach as broinn a mháthar, is amhlaidh sin a imeoidh sé arís; chomh tarnocht agus a tháinig sé agus gan dada aige de bharr a shaothair a fhéadfaidh sé a thabhairt leis. 15Is scannalach an t‑olc seo chomh maith: go n‑imeoidh sé go díreach mar a tháinig sé; agus cén tairbhe a fhaigheann sé nuair is in aisce a bhíonn a chuid saothair go léir. 16Agus rud eile dhe, caitheann sé a laethanta uile i ndorchadas agus bíonn sé lán dobróin agus breoiteachta agus feirge. 17Is é rud atá feicthe agam gur maith agus gur cóir don duine ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as an saothar uile a dhéanann sé abhus faoi luí na gréine sa roinnt bheag laethanta a thugann Dia dó; mar is é sin a chinniúint. 18Rud eile dhe, má tá aon duine ann dár thug Dia saibhreas agus maoin agus ar chuir sé ar a chumas iad a chaitheamh agus glacadh lena chinniúint agus aoibhneas a bhaint as a chuid saothair, is tabhartas ó Dhia é sin. 19Ní bheidh sé ag machnamh go brúite ar ghiorra a shaoil mar coinneoidh Dia gafa é ag aoibhneas a chroí.
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.