رفتن به محتوا

Cóheilit 4

4
Éagothroime Shóisialta
1Ina theannta sin chonaic mé an t‑ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh. 2Mar sin de mheas mé gur mhó ba mhéanar do na mairbh a bhí faoi shuan ná do na beo a raibh a saol rompu go fóill. 3Ach an té nár rugadh fós agus nach bhfaca na hoilc a dhéantar abhus faoi luí na gréine is mó is méanar dósan ná do cheachtar acu.
4Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
5Snaidhmeann an t‑amadán a lámha ina chéile
agus ní bhíonn an rath air.
6Ach is fearr lán glaice le suaimhneas
ná lán máma le saothar agus le tóraíocht gaoithe.
7Agus chonaic mé an bhaois eile seo abhus faoi luí na gréine: 8fear agus é ina aonar, gan chara, gan mhac, gan bhráthair; é ag obair agus ag luain gan sos agus gan a shúile sásta riamh lena mhaoin. “Cé ar a shon,” ar seisean, “a bhfuil mé ag saothrú liom agus ag ceilt an aoibhnis orm féin?” Go deimhin, is baois é seo agus saothar in aisce.
9Is fearr dís ná duine; mar faigheann siad tuarastal maith ar a saothar. 10Óir, má thiteann duine acu ar lár, is féidir leis an duine eile a chomhghleacaí a thógáil suas. Ach is mairg don duine aonair nuair a thiteann sé; mar ní bhíonn aon duine aige chun é a thógáil. 11Rud eile de, má chodlaíonn beirt le chéile, bíonn siad te teolaí. Ach conas is féidir don duine aonair é féin a choimeád te? 12Thairis sin arís mar a mbuafaí ar an duine aonair, is féidir don dís an fód a sheasamh. Ní furasta ach oiread corda trí dhual a bhriseadh.
13Is fearr ógánach bocht ach é a bheith críonna ná seanrí baoth nach nglacfaidh le comhairle níos mó, 14fiú amháin más amhlaidh a tháinig sé ó charcair go coróin agus gur rugadh bocht é ina ríocht siúd. 15Chonaic mé na beo go léir a shiúlann faoi luí na gréine ag taobhú leis an ógánach sin a bhí ina chomharba ar an seanrí. 16Ní raibh áireamh ar líon na ndaoine uile a bhí faoina smacht ach mar sin féin ní bheidh sé ina ábhar áthais do na daoine, a thiocfaidh ina dhiaidh. Go deimhin baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
Deasghnátha Creidimh
17Bí ar dʼaire nuair a théann tú go dtí teach Dé; is fearr dul ann chun éisteacht go humhal ná íobairt a dhéanamh ar nós na n‑amadán nach dtuigeann go bhfuil siad ag déanamh an oilc.