I Ccorintiánaċ 3
3
Caibidil III
Is coṁluċd oibre do Ḋía, na mínisdriḋ; 11 aċd Criosd fein bunair an ċreidiṁ.
1Agus a ḋearḃraiṫreaċa, níor ḃféidir leamsa laḃairt riḃse mar ḋáoiniḃ sbioradálta, aċd mar ḋáoiniḃ colluiḋe, aṁuil náoiḋeanuiḃ a Gcríosd. 2Do ḃeaṫaiḋ mé siḃ re bainne, agus ní ré bíaḋ: óir níor ḃféidir liḃ fós a ġaḃáil ċugaiḃ, agus a nois féin ní féidir liḃ.
3Oír atá siḃ fós colluiḋe: oír ó atá tnúṫ, agus imreasuin, agus aiṁreiteaċ eadruiḃ, a né naċ ḃfuilti colluiḋe, agus naċ sioḃlann siḃ do réir ḋáoine? 4Oír an tan a deir neaċ, As lé Pól misi; agus neaċ eile, As le Apollos misi; a né naċ ḃfuiltí colluiḋe? 5Oír cía hé Pól? Agus cía hé Apollos, aċd na mínisdrí tré ar ċreideaḃair, agus do réir mar tug an Tiġearna do ġaċ áoinneaċ? 6Do ṗlanndaiġ misi, do ċraiṫ Apollos an tuisge; aċd a sé Día tug an fás. 7Ar a naḋḃarsin ní ḃfuil éifeaċd sa tí ṗlanndaiġeas, na fós sa tí ċroiṫeas an tuisge; aċd a Ndía do ḃeir an fás. 8Agus is ionnan an tí ṗlanndaiġeas, agus an tí ċroiṫeas an tuisge: agus do ġéuḃaiḋ gaċ áon a ṫúarasdal do réir a ṡáoṫair. 9Oír is cóṁluċd oibre do Ḋía sinne: is siḃse treaḃaire Dé, agus áitreaḃ Dé.
10Do reir ġrás Dé tugaḋ ḋaṁsa, do ċuir mé an ḟonndameint, mar ṁaiġisdir íulṁar oibre, agus tógḃuiḋ neaċ eile obair air. Giḋeaḋ taḃraḋ gaċ áon dá aire cionnus ṫógḃus sé a nobair. 11Oír ní héidir ré háoinneaċ fonndameint ar biṫ eile do ċur, táoḃ amuiġ don ḟonndameint atá ar na ċur ċeana, eaḋon Iósa Críosd. 12Agus dá dtógḃuiḋ áoinneaċ ar an ḃfonndameintsi ór, airgead, cloċa uáisle, aḋmad, féur, no connlaċ; 13Do ḋéuntar obair gaċ áonduine follus: óir foillseoċaiḋ an lá é, do ḃríġ go maḋ léir é ris an dteine; agus foillseóċáiḋ an teine cionnus ḃías obair gaċ éunduine. 14Da nanaiḋ obair áonduine noċ do ṫóg sé ar an ḃfonndameint, do ġéuḃaiḋ se túarasdal. 15Má loisgear obair éunduine, raċaiḋ a ṡáoṫar amúġa: giḋeaḋ sáorfuiġṫear é féin; aċd sin fós aṁúil tré ṫeine.
16A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur siḃ teampoll Dé, agus go gcóṁnuiġeann Ṡiorad Dé ionnaiḃ? 17Má ṫruáilliġeann einneaċ teampoll Dé, sgriosfuiḋ Día an tí sin; óir atá teampoll Dé náoṁṫa, noċ as siḃse.
18Na meallaḋ éinneaċ é féin. Má ċiṫear déunduine aguiḃ é féin do ḃeiṫ glic sa tsáoġalsa, bíoḋ sé na amadán, ionnus go mbíaḋ se glic. 19Oír is aiṁġliocas ré Día gliocas an tsáoġalsa. Oír atá sgríoḃṫa, Greamuiḋe sé na dáoine glioca ann a sliġṫiḃ féin. 20Agus a rís, Atá a ḟios ag an Dtiġearna, gur díoṁáoineaċ smuáintiġe na ndáoineaḋ glioc. 21Uime sin na déunaḋ áoinneaċ máoiṫfeaċas ar ḋáoiniḃ. Oír is liḃse na huile neiṫe; 22Da maḋ é Pól é, nó Apollos, nó Céṗas, nó an sáoġal, nó beaṫa, nó bás, nó na neiṫe atá do laṫair, nó na neiṫe atá ċum teaċda; is liḃse íad uile. 23Agus as lé Críosd siḃse; agus as le Dia Críosd.
اکنون انتخاب شده:
I Ccorintiánaċ 3: BedellG
هایلایت
کپی
مقایسه
به اشتراک گذاشتن
می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.