I Ccorintiánaċ 1

1
Caibidil I
Los cóinntinne do ċosc, 18 goiriḋ sé ó ṫáoiḃ-ċeill an tsaoíġailse iad, go gliocas na croiċe céasduiḋ.
1Pol, Absdal Iósa Criosd do réir ġarma tre ṫoil Dé, agus Sostenes ar ndearḃraṫaír, 2Ċum eagluise Dé atá a Gcorintus, ċum na druinge atá ar na náoṁaḋ a Niósa Criosd, náoiṁ do réir ġarma, maille ris na húile ḋáoiniḃ ġoireas ann gaċ éaináit air ainm ar Dtiġearna Iosa Críosd, noċ as Tiġearna ḋoiḃsean agus ḋúinne: 3Grása maille riḃ, agus sióṫċáin ó Ḋía ar Naṫair, agus ón Dtiġearna Iósa Críosd.
4Beirim a ḃuiḋe do ġnáṫ ré mo Ḋía ar ḃur sonsa, do ṫáoḃ ġrás Dé do tugaḋ ḋíḃ a Niósa Críosd; 5Ar a naḋḃar go ḃfuil siḃ ar ḃur ndéanaṁ saiḋḃir sna nuile neiṫiḃ ṫrídsion, ann gaċ uile urlaḃra, agus an gaċ uile eólas; 6Do réir mar do ḋaingniḋeaḋ fíaḋnuisi Iósa Criosd ionnuiḃ: 7Ionnus naċ ḃfuil riaċdanas én tioḋluice oraiḃ; ag fuireaċ ḋiḃ ré teaċd ar Dtiġearna Iósa Críosd: 8Noċ fós ḋaingneóċas siḃ go foirċeann ḃur mbeaṫa, ionnus go mbía siḃ neiṁċiontaċ a ló ar Dtiġearna Iósa Críosd. 9Atá Día díleas, tres ar goireaḋ siḃ ċum cumuinn a Ṁic Iósa Criosd ar Dtiġearna.
10Agus íarruim daṫċuinge oraiḃ a ḋearḃraiṫreaċa, tré ainm ar Dtiġearna Iósa Críosd, siḃ uile do laḃairt éainneiṫe aṁáin, agus gan siosma do ḃeiṫ ḃur measg; aċd a ḃeiṫ ceangailte ḋá ċéile go diongṁalta a náoininntinn agus a náoin ċéill. 11Oír a ḋearḃraiṫreaċa, do foillsiġeaḋ ḋaṁ oraiḃsi, ré luċd tiġe Ċlóe, go ḃfuiliu imreasana eadraiḃ. 12Ag so a ní a deirim, go nabair gaċ áon agaiḃsi, Gaḃaimse ré Pól; gaḃaimsi ré Hápollos; gaḃaimsi ré Céṗas; gaḃaimsi ré Críosd. 13An ḃfuil Críosd ar na roinn? an é Pól do céusaḋ ar ḃur son? nó ann a nainm Ṗóil do baisdeaḋ siḃ? 14Beirim a ḃuiḋe ré Día nár ḃáisd mé áoinneaċ agaiḃ, aċd Crispus agus Gaius; 15Deagla go naibeóraḋ éainneaċ gur a mainm féin do ḃaisd mé. 16Giḋeaḋ fós do ḃaisd mé muinntir Steaṗáin: ós a ċionn sin, ní feasaċ ḋaṁ gur ḃaisd mé áoinneaċ eile. 17Oir ní ċum baisdiġ do ḋéunaṁ do ċuir Ċríosd mé, aċd ċum an tsoisgéil do ṡeanmóruġaḋ: ní re gliocas briaṫar, deagla croiċṫe Ċríosd do ċur a neiṁḃríġ.
18Oir as amadanaċd don dreim ṫéid a múġa bríaṫar na croiċṫe; aċd ḋúinne atá air ar slanúġaḋ as é cúṁaċda Dé é. 19Oír atá sgríoḃṫa, Sgriosfaiḋ mé eagna na ndáoineaḋ eagnaiġe, agus cuirfiḋ mé ar gcúl tuigse na ndáoineaḋ dtuigsionaċ. 20ḃfuil an teagnuiḋe? cá ḃfuil an scriobuiġe? cá ḃfuil fear tagarṫa an tsáoġailsi? A né naċ dearna Día aiṁgliocas do ġliocas an dóṁainsi?
21Oír a neagna Dé ó nár aiṫin an sáoġal Día tré eagna, bá toil lé Día tré éigcríonnaċd na seanmóra an dream ċreideas do ṡlánuġaḋ. 22Agus bíoḋ go níarraid na Iúduiġe coṁarṫa, agus go sirid na Gréugaiḋ eagna: 23Giḋeaḋ fós do nímidne Críosd ar na ċéusaḋ do ṡeanmóruġaḋ, na oilḃéim do na Iuduiġiḃ, agus na éigcríonnaċd do na Gréugaiḃ; 24Aċd don druing atá ar na ngairm, eídir Iúdaiġe agus Ġréugaċ, Críosd cúṁaċd Dé, agus eagna Dé. 25Oír is glioca aiṁġliocas Dé náid dáoine; agus as neartṁaire meirḃeas Dé náid dáoine.
26Oír a ḋearḃraiṫreaċa, do ċí siḃ ḃur ngairm, naċ iomḋá ḋiḃ eagnuiġe do réir na feóla, ní hiomḋa cúṁaċdaċ, ní hiomḋa úasal: 27Aċd do ṫoġ Día neiṫe éigcríonna an tsáoġail ċum aḋnáire do ċur ar na dáoiniḃ eagnuiḋe; agus do ṫoġ Día neiṫe neiṁneartṁara an tsáoġail ċum aḋnáire do ċur air na neiṫiḃ neartṁara; 28Agus do ṫoġ Día, neiṫe anúaisle an tsáoġail, agus na neiṫe tarcuisneaċa, agus na neiṫe naċ ḃfuil ann, ċum na neiṫeann atá ann do ċur a neiṁḃríġ: 29Ionnus naċ déanaḋ feóil air biṫ uáill iona ḟíaḋnaise. 30Aċd as úaḋasan atá siḃse a Niósa Críosd, noċ atá ar na ḋéunaṁ ó Ḋía ḋúinne na eagna, agus na ḟíréuntaċd, agus na náoṁṫaċd, agus na ḟúasglaḋ: 31Ionnus, do reir mar atá sgrioḃṫa, An tí do ní máoiṫfeaċus, déunaḋ sé máoiṫfeaċas sa Dtiġearna.

اکنون انتخاب شده:

I Ccorintiánaċ 1: BedellG

های‌لایت

کپی

مقایسه

به اشتراک گذاشتن

None

می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید