Títeas 2
2
An Teagasc Folláin
dʼAicmí Éagsúla
1Bíodh dʼfhocailse, áfach, ag teacht leis an teagasc folláin. 2Abair leis na fir scothaosta a bheith stuama staidéartha measartha agus a bheith go daingean sa chreideamh, sa ghrá agus sa bhfoighne. 3Abair leis na mná scothaosta mar an gcéanna iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan a bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc 4dʼfhonn a thabhairt ar na mná óga a bheith ceanúil ar a bhfir chéile agus ar a bpáistí 5agus a bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé. 6Ar an gcuma chéanna abair leis na hógánaigh a bheith stuama staidéartha 7agus bí-se féin i dʼeiseamláir acu ar gach cineál dea-iompair: ar ghlaine do theagaisc, ar stuaim 8agus ar chomhrá folláin gan locht, rud a chuirfidh mearbhall ar do chéile comhraic toisc gan aon ní táir a bheith aige le casadh linn.
9Abair leis na seirbhísigh a bheith umhal dá máistrí agus a bheith ómósach i ngach ní. Agus in ionad a bheith tagrach 10nó ag déanamh mionghadaíochta, cruthaídís go bhfuil siad dílis ar fad, agus sa tslí sin tabhóidh siad clú do theagasc Dé, ár Slánaitheoir, i ngach ní.
11Mar tá grásta Dé foilsithe anois, ag cur slánú ar fáil don uile dhuine. 12Múineann sé dúinn cúl a thabhairt leis an éagráifeacht agus leis na mianta saolta agus maireachtáil sa ré atá anois ann go stuama ionraic diaganta, 13fad a bheimid ag feitheamh le fíoradh ár ndóchais bheannaithe, le taibhsiú glórmhar ár nDé mhóir agus ár dTiarna Íosa Críost. 14Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.
15Abair an méid sin leo; spreag agus ceartaigh iad le lánúdarás. Agus ná lig do dhuine ar bith tú a dhíspeagadh.
اکنون انتخاب شده:
Títeas 2: ABN2012
هایلایت
کپی
مقایسه
به اشتراک گذاشتن
می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.

: