1
Eifisigh 6:12
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
Mar ní le naimhde daonna atáimid i ngleic ach le tiarnais agus cumhachtaí agus rialtóirí dhomhan seo an dorchadais, le hainspridí na bhflaitheas.
مقایسه
Eifisigh 6:12 را جستجو کنید
2
Eifisigh 6:18
Agus bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair faoi luí an Spioraid. Fanaigí in bhur ndúiseacht chuige sin ag guí go buanseasmhach ar na naoimh uile.
Eifisigh 6:18 را جستجو کنید
3
Eifisigh 6:11
Cuirigí iomaibh cathéide Dé chun a bheith in ann seasamh in aghaidh chealga an diabhail.
Eifisigh 6:11 را جستجو کنید
4
Eifisigh 6:13
Gabhaigí cathéide Dé chugaibh, dá bhrí sin, i dtreo nuair a thiocfaidh lá an oilc, go bhféadfaidh sibh an fód a sheasamh, agus go mbeidh sibh fós in bhur seasamh tar éis daoibh an cath a bhaint ar an iomlán.
Eifisigh 6:13 را جستجو کنید
5
Eifisigh 6:16-17
Gabhaigí chugaibh i gcónaí an creideamh mar sciath lena bhféadfaidh sibh gach diúracán dearg de chuid an namhad mhallaithe a mhúchadh. Glacaigí an slánú mar chlogad agus briathar Dé mar chlaíomh ón Spiorad.
Eifisigh 6:16-17 را جستجو کنید
6
Eifisigh 6:14-15
Seasaigí go daingean, dá bhrí sin, agus an fhírinne fáiscthe faoi bhur gcoim agaibh mar chrios, an fhíréantacht mar lúireach ar bhur n-ucht agus fonn leata dhea-scéal na síochána mar bhróga ar bhur gcosa agaibh.
Eifisigh 6:14-15 را جستجو کنید
7
Eifisigh 6:10
Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.
Eifisigh 6:10 را جستجو کنید
8
Eifisigh 6:2-3
“Tabhair do dʼathair agus do do mháthair onóir”; sin í an chéad aithne a bhfuil gealltanas ag dul léi: “ionas go mbeidh an rath ort agus go mbeidh saol fada ar talamh agat.”
Eifisigh 6:2-3 را جستجو کنید
9
Eifisigh 6:1
A leanaí, bígí umhal do bhur dtuismitheoirí, sa Tiarna, mar is é an ceart é.
Eifisigh 6:1 را جستجو کنید